Jump to content

Bethpage State Park

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBethpage State Park

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 40° 45′ 09″ N, 73° 28′ 03″ O / 40.7525°N,73.4675°W / 40.7525; -73.4675
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheNua-Eabhrac
Contae de chuid Nua-EabhracContae Nassau
Baile sna Stáit AontaitheOyster Bay
Census-designated place in the United States (en) AistrighBethpage Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1934
Aitheantóir tuairisciúil
Eile

Suíomh gréasáinparks.ny.gov… Cuir in eagar ar Wikidata


Is páirc stáit é Bethpage State Park atá suite i gContae Nassau, Nua-Eabhrac. Tá cáil ar leith ar an bpáirc mar gheall ar a cúrsaí gailf, go háirithe an ceann ar a dtugtar an "Black Course" - ceann de na cúrsaí gailf poiblí is deacra agus is mó cáil sna Stáit Aontaithe.

Is le Stát Nua-Eabhrac féin Bethpage State Park ina bhfuil beagnach 1,500 acra. Is é an New York City Department of Parks and Recreation a ritheann é agus atá freagrach as (ar an gcuma chéanna a bhfuileadar freagrach as 1,700 ceann eile de pháirceanna beaga, spraoi, linnte snámha, cúirteanna cispheile, leadóige agus ceapacha bláthanna atá sa gcathair sin).

Osclaíodh an pháirc sna 1930idí mar chuid de thionscnamh fostaíochta le linn an Ghéarchéim Mhóir.

Chomh maith leis an ngalf, tá cúrsaí siúil, talamh imeartha, agus réimsí picnice sa pháirc.

Shane Lowry, Corn Ryder 2025, Bethpage Black

Cúrsa gailf Bethpage

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cúig chúrsa gailf 18-bpoll sa pháirc - an Black, Red, Blue, Green agus Yellow. Rinneadh comórtais mhóra gailf ar an Black Course, an U.S. Open ina measc (1936, 2002, 2009), an PGA Championship (2019, 2024) agus Corn Ryder 2025. Tá sé ar cheann de na háiseanna gailf poiblí is tábhachtaí i Nua-Eabhrac agus tarraingíonn sé imreoirí gailf ó fud na tíre.

Tá Bethpage Black ar cheann den scór cúrsa is fearr as na 16,000 acu sin atá sna Státaí..[1] Cúrsa poiblí é Bethpage Black; dá bharr sin níl ar shaoránaigh Nua-Eabhrac a lámha a chur chomh domhain sin ina bpócaí le deis imeartha a fháil – táille $70 ó Luan go hAoine agus $80 ar an Satharn agus ar an Domhnach. $140 agus $160 a ghearrfaí ar dhaoine eile, ach an deis a fháil.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Mártan Ó Ciardha, Iar-cheannasaí Spóirt Raidió na Gaeltachta. (2014-06-16). "Cúrsaí gailf náisiúnta agus idirnáisiúnta." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-09-30.
  2. Mártan Ó Ciardha (28 Meán Fómhair 2025). "Thug na fógraí go geata Bethpage mé ach thug a bhfaca mé ansiúd orm iompú ar mo sháil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-30.