Berrad Airechta
| Cineál | téacs |
|---|---|
| Príomhábhar | surety (en) |
Is téacs dlí de chuid An Fhéineachais é Bearradh Oireachta (Sean-Ghaeilge Berrad Airechta[1]), 'sé sin, Achoimre (ar nós imeachta) Cúirte nó Tionóil,[2]: 170 [3] ina pléitear conarthaí agus urraíocht.
Lámhscríbhinní
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níl ach lámhscríbhinn amháin de Berrad Airechta atá ar marthain, Trinity College LS 1337. Ní dhéantar ach dhá shaothar níos déanaí lua air, gan sleachta an dís acu. Is amhlaidh nach iomlán é an lámhscríbhinn. Déanann na tráchtaireachtaí tagairtí ar chodanna de Berrad Airechta nach bhfuil ann anois; agus tugann an réamhrá le fios go raibh roinnt téacs ann roimhe:[2]: 169–170
- Atait dano[4] rūidlesa[5] tuaithe a Féniu ...
- Tá fosta ruílisí [sealbha] tuaithe [daoine] [a bhfuil go iomlán slán ó éileamh] san Fhéineachas.
Chuir Kuno Meyer (1921) in eagar an chéad leath den téacs ar marthain the first half of the surviving text agus Rudolf Thurneysen (1928) an dara leath. D'aistrigh Thurneysen (1928) an téacs go Gearmáinis, agus Robin Stacey (1994) é seo go Béarla.[2]: 170 [6]: 210
Ábhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Pléitear urraíocht na nGael sa Berrad Airechta, an cur síos is mionsonraithe dá leithéid sa chorpas Sean-Ghaeilge.[7]: 31
I sochaí na nGael, ní raibh dualgas ar an stáit conarthaí a chur i bhfeidhm. Ina ionad sin, cheaptaí daoine chun dul in urra ar conradh. Ba chasta agus dian dtí chách iad na gnáthaimh forfheidhmithe.[8]: 167 [7]: 32
Roinneadh Thurneysen an téacs ar marthain ina 84 cuid.[6] D'eagraigh Stacey é i gcúig aicme:
- sainmhínithe ar chomhaontuithe conarthacha
- urra darbh ainm naidm[9] (urra "enforcing")
- conas a cheanglaíodh daoine ag conarthaí
- na finnéithe a bhíodh riachtanach do chonarthaí (Córus fiadnuise[8]: 279, 281 )
- urraí darbh ainmneacha aitire[10] (urra géill) agus ráth.[11][7]: 32
Dar le Stacey, is téacs cumaisc é Berrad Airechta, athscríofa le sraitheanna teangan éagsúla go dtí 700 AD.[7]: 31 [7]: 31 Mhol Michael A. O'Brien gur cineál lámhleabhair do bhreithiúna é Berrad Airechta.[7]: 53
Tuilleadh le léamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- O'Brien, Michael A. (1932). "Varia". Ériu 11: 88–89.
- Meyer, Kuno (1921). "Mitteilungen aus irischen Handschriften". Zeitschrift für celtische Philologie 13: 19–24. doi:. (edition of the first half).
- Stacey, Robin (1994). "Lawyers and Laymen": 210–233. (translation into English).
- Thurneysen, Rudolf (1928). "Die Bürgschaft im irischen Recht" 2: 5–32. Berlin: Abhandlungen der Preussischen Akademie der Wissenschafte. (eagrán le haistriúchán Gearmáinis).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ eDIL s.v. 1 airecht
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Breatnach, Liam (2005). "A Companion to the Corpus Iuris Hibernici" 5. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
- ↑ Breatnach, Liam (2005). "A Companion to the Corpus Iuris Hibernici" 5. Baile Átha Cliath: Institute for Advanced Studies.
- ↑ eDIL s.v. danó, dano
- ↑ eDIL s.v. rūidles
- ↑ 6.0 6.1 Stacey, Robin (1994). "Lawyers and Laymen": 210–233.
- ↑ 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 7.5 Stacey, Robin Chapman (1994). "The Road to Judgment: From Custom to Court in Medieval Ireland and Wales". Philadelphia, PA: University of Pennsylvania Press.
- ↑ 8.0 8.1 Kelly, Fergus (1988). "A Guide to Early Irish Law" 3. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
- ↑ eDIL s.v. naidm(m)
- ↑ eDIL s.v. aitire
- ↑ eDIL s.v. 1 ráth