Taifeadadh Bernburg don chéad uair sa bhliain 1138 mar Berneburch san Annalista Saxo[3] agus an Magdeburger Annalen agus bhí sé faoi thionchar na heaglaise le blianta fada . Bhí an séipéal i Waldau, a bhí ina bhaile ar leith go dtí 1871, le feiceáil i gcáipéis i 964 . [4] Tógadh Mainistir agus teach príobháideach anseo sa 10ú hAois, chomh maith le séipéil agus mainistreacha eile ar fud an cheantair timpeall an bhaile. Tógadh mainistir eile sa bhliain 1326 atá ina ospidéal inniu freisin. Bhí an trádáil an-tábhachtach ar fud na Meánaoise agus leis sin rinneadh forbairt mhór ar an mbaile: tógadh muilte sa bhliain 1219 agus droichead sa bhliain 1239, a athnuadh sa 20ú hAois: fuair an baile a chearta sa bhliain 1278, rud a chuir feabhas ar gheilleagar an réigiún. Ghlac Bernburg leis an Reifirméisean i 1526 . [5] Bhí sraith chúiseamh in aghaidh cailleach idir 1555 agus 1664, lena n-áirítear Barbara Meyhe, bean chéile an an phropaist, sna blianta 1617 - 1619 . [6] Bhí sé ina phríomhchathair ar Dhiúcacht Anhalt-Bernburg ó 1603 go dtí 1863 nuair a fuair an diúc deireanach bás gan leanaí. [7] d'ionsaigh fórsaí bradach na Danmhairge faoi Heinrich von Holk an baile sa bhliain 1630 agus rinneadh damáiste dona don chathair. [8] Fuair go leor daoine bás ón bPlá i rith an 17ú hAois . Ina theannta sin, rinne tine dochar mór don seanbhaile i 1697 . Sa bhliain 1745 a tógadh an chéad Innealra Teicstíle i Bernberg. Bhí an baile faoi thionchar na bhFrancach idir 1807 agus 1813, le linn Cónaidhm na Réine . [9] Tháinig an t-iarnród i 1846 agus tógadh droichead cruach i 1891 . Bhunaigh na Naitsithe ionad maraithe taobh istigh de sanatorium an bhaile ar a dtugtar NS-Tötungsanstalt Bernburg agus cuireadh thart ar 14,000 duine breoite agus faoi mhíchumas chun báis sna seomraí gáis idir 1940 agus 1943 . [10]