Beoga
(2013) | |
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | banna ceoil |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 2002, Contae Aontroma |
| Gníomhaíocht | |
| Tréimhse oibre | 2002 – |
| Suíomh gréasáin | beogamusic.com |
Is banna ceol Gaelach é Beoga. Cé gur ceathrar na mbunbhall as Contae Aontroma agus Contae Dhoire, bunaíodh an banna i gContae Chiarraí ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2002. Tá Damian McKee (ar chairdín), Seán Óg Graham (il-ionstraimí), Liam Bradley (pianódóir) agus Eamon Murray (ar bhodhrán) sa cheoltóirí ar dtús agus, sa bhliain 2005, chuaigh Niamh Dunne, as Contae Luimnigh, sa bhanna ar fhidil agus fonnadóireacht.
Sa bhliain 2016, chomhoibrigh an banna le hEd Sheeran ar na hamhráin "Galway Girl" agus "Nancy Mulligan". Sheinn siad le Sheeran go mion minic ina dhiaidh sin, i rith a phríomh-sheit ag an Fhéile Glastonbury san áireamh. Sa bhliain 2026, d'éirigh Beoga as turas de chuid Sheeran ar agóid mar gur briseadh Macklemore ón turas nuair a dúirt sé ráitis ar son na Palaistíne.[1]
Disocliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- A Lovely Madness (2004)
- Mischief (2007)
- The Incident (2009)
- Live at Stockfisch Studio (2010)
- How to Tune a Fish (2011)
- Beoga – Live at 10: The 10th Anniversary Concert (2013)
- Before We Change Our Mind (2016)
- Carousel (2020)
- Breathe (2021)
- Phases (2025)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2026-09-17). "Macklemore le hairgead as camchuairt a bhronnadh ar Phalaistínigh" (as ga-IE).