Benjamin Henry Latrobe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ailtire is innealtóir sibhialta a rugadh i bhFulneck Shasana, ach a d'imigh do na Stáit Aontaithe i 1795 ab ea Benjamin Henry Latrobe (1764-1820). Thug sé stíl na hAthbheochana Gréagaí isteach ansin. Ina shuirbhéir ar fhoirgnimh phoiblí i Washington, DC (1803-1817). Dhear is thóg sé a shárshaothar, Baisleac Dheastógáil na Maighdine Muire i mBaltimore, ó 1805.