Benalmádena

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBenalmádena

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 36°35′49″N 4°33′13″W / 36.5969°N 4.5535°W / 36.5969; -4.5535
Stát ceannasachan Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na SpáinneAn Andalúis
Cúigí na SpáinneMálaga Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairBenalmádena Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán75,801 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,786.8 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla27.2 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Airde280 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Benalmádena Cuir in eagar ar WikidataPaloma García Gálvez Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist29630, 29631 agus 29639 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód95 Cuir in eagar ar Wikidata
INE municipality code (en) Aistrigh29025 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinbenalmadena.es Cuir in eagar ar Wikidata

Bardas is ea Benalmádena i gcúige Málaga, san Andalúis. Tá sé suite ar 'Costa del Sol', idir Torremolinos and Fuengirola, thart ar 12 cm siar ó dheas de phríomhchathair an chúige. Tá sé mar chuid den 'Área metropolitana de Málaga', (limistéar cathrach Mhalaga) agus suite i gContae nó Comarca (réigiún riaracháin logánta) Costa del Sol Occidental, comhlathas na mbardas leis an ainm céanna, agus i gceantar breithiúnach de Torremolinos. (El partido judicial de Torremolinos).

Tá thart ar 68,800 daoine ina gcónaí in Benalmádena, 's é sin an 8ú bardas is mó sa chúige ach an tríú mórcheantar uirbeach, taobh thiar de Málaga agus Torremolinos. Tá an daonra bailithe don chuid is mó i dtrí lárionaid éagsúla: Benalmádena Pueblo, Arroyo de la Miel agus Benalmádena Costa, cé go bhfuil an uirbiú ag cur na croí-láir seo le chéile.

Bhí daoine ina gcónaí san áit seo sa réamhstair, ach i rith tréimhse Al Andalus tháinig forbairt ar an áit agus ansin meath arís i ndiaidh na bliana 1485. Chuir tionscal páipéir agus fíona go mór le geilleagar na háite sna 18ú agus 19ú haoiseanna. Sa lá atá inniu ann tá tarraingt turasóireachta mhaith ag Benalmádena ar an gCosta del Sol, le go leor áiseanna agus páirc shiamsaíochta, 2 uisceadán, casino, agus ceann de na muiríní is mó san Andalúis. Tá go leor tránna áille ann chomh maith le háiteanna suimiúla mar Chaisleáin Colomares, Carr Cábla Benalmádena, agus an Stupa Budaíoch is mó san Eoraip ag 33 méadar ar airde.

Clúdaíonn an bardas achar 27 ciliméadar cearnógach ó bheanna Sierra de Mijas go dtí an fharraige, ag titim in áiteanna i bhfoirm aille. Téann an autopista A-7 soir siar trasna ar an gcríoch, a dhéanann cumarsáid leis an bpríomhchathair chúige agus lárionaid eile ar chósta na Meánmhara.

Coinníonn Benalmádena Pueblo an fhabraic uirbeach de na sráidbhailte logánta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]