John Bellingham

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Bellingham, John)
Infotaula de personaJohn Bellingham

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1769
St Neots, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Bealtaine 1812
42/43 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh)
Gníomhaíocht
Gairmdúnmharfóir, ceannaí Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Ciontaíodh idúnmharú (1812) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
11 Bealtaine 1812feallmharú Spencer Perceval Cuir in eagar ar Wikidata

Fear gnó Sasanach ab ea John Bellingham (1769 - 18 Bealtaine 1812). Bhí Bellingham míshásta faoi rialtas na Breataine ar bhonn pearsanta. Lámhaigh sé Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Spencer Perceval, ar 11 Bealtaine 1812.

Faoi cheann seachtaine a triaileadh agus crochadh Bellingham.[1] Is cosúil go raibh Bellingham as a mheabhair ach crochadh é ina ainneoin sin.

Ansin dioscadh corp Bellingham ina bpíosaí beaga (mar ba ghnáth ag an am, chun taighde leighis a dhéanamh agus b'fhéidir chun cosc a chur air dul chun na bhFlaitheas). Sa chás seo, choinnigh na máinlianna croí Bellingham beo ar feadh ceithre huaire i ndiaidh a chrochadh, éacht nach beag ag an am.

Dúnmharúː Cassell's Illustrated History of England Vol.5 (1909)

blaosc Bellingham ar taispeáint inniu in Ollscoil Queen Mary, Londain.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Miles Goslett (2012-05-01). "Blood in the House of Commons! Two hundred years on, the shocking story of Spencer Perceval, the only British PM to have been assassinated". Mail Online. Dáta rochtana: 2020-05-11.
  2. Ollscoil Queen Mary - Pathology Museum. "Bellingham's Skull". www.qmul.ac.uk. Dáta rochtana: 2020-05-11.