Jump to content

Becky Ní Éallaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is as Conamara i gContae na Gaillimhe do Bhecky Ní Éallaithe agus is ceoltóir consairtín agus damhsóir ar an sean-nós í. Thosaigh sí ar an gconsairtín agus í óg, ag freastal ar ranganna le Noel Hill. Chuaigh sí ar aghaidh ansin le céim a bhaint amach sa cheol traidisiúnta agus sa Ghaeilge ó Ollscoil Luimnigh sa bhliain 2022. Ó shin i leith, bíonn sí ag seinm agus ag damhsa ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. Bíonn Becky ag teagasc mar chuid de chlár CUISLE i gConamara.