Beartas comhshaoil an Aontais Eorpaigh

Glacadh dearbhú ar bheartas comhshaoil an Aontais Eorpaigh ag Cruinniú Mullaigh Pháras i mí Dheireadh Fómhair 1972, agus d'iarr na tíortha ar an gCoimisiún Eorpach clár gníomhaíochta a chur i bhfeidhm chun an comhshaol a chosaint (). Cuireadh beartas comhshaoil an Aontais Eorpaigh[1] i bhfeidhm sa bhliain 1973 leis an "gClár Gníomhaíochta Comhshaoil", agus bunaíodh an tAonad Comhshaoil ag an am sin (tugadh Ard-Stiúrthóireacht don Chomhshaol air in 1981). Inniu tá an dlí cosanta comhshaoil san AE níos mó ná 500+ treoir, rialachán agus cinneadh.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an Club of Rome i mí Aibreáin 1968 nuair a tháinig grúpa idirnáisiúnta le chéile (lucht acadúil, taidhleoirí agus lucht gnó) ag Villa Farnesina sa Róimh. Bhunaigh Aurelio Peccei (tionsclaí Iodálach) agus Alexander King (eolaí Albannach) é.
Is é 1972 an bhliain ar foilsíodh a chéad tuarascáil mhór, "The Limits to Growth". Chuir foireann ó Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts (MIT) an tuarascáil seo le chéile. Díoladh 30 milliún cóip den tuarascáil i níos mó ná 30 teanga, rud a rinne an leabhar comhshaoil is mó díolacháin sa stair de.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Athrú aeráide san Aontas Eorpach
- Dlí Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh, 2024
- Club of Rome
- Líonra an Aontais Eorpaigh um Chur i nGníomh agus um Fhorfheidhmiú Dhlí na Timpeallachta
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Environmental policy of the European Union
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |