Beann
Cuma
Fiafháis chnámhacha ó cheann fíorfhia, ar na fireannaigh amháin (cé is moite den réinfhia). Ní bhíonn beanna ar an dobharfhia in aon chor, an t-aon speiceas fia nach bhfásann beanna. Úsáidtear iad mar léiriú, mar chosaint, agus i gcomhraic chun céile a fháil. Caitear iad gach bliain agus fásann beanna níos mó an chéad bhliain eile. Bíonn siad clúdaithe le craiceann bog (clúnachán) is iad ag fás. Má bhíonn siad géagach, méadaíonn an líon spící (beann) le haois. Tugtar adharc fia air freisin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Beanna". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 67.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |