Bealaitheoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bealaitheoir

Ábhar a úsáidtear chun frithchuimilt a laghdú idir dhá dhromchla atá ag gluaiseacht thar a chéile. De ghnáth is leacht é, cosúil le hola mianrach nó plandúil, ach is féidir solad a úsáid, cosúil le céir nó graifít. Uaireanta bíonn gá le bealaitheoir ar leith: mar shampla, tá suilfít molaibdéinim an-áisiúil ag teocht ard. Is féidir gáis (aer, héiliam nó eile) a úsáid freisin, a chaidéalaítear isteach san imthaca chuig brú a dhóthain chun na dromchlaí frithchuimilte a choinneáil amach óna chéile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bealaitheoir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 67.