Bealach na nDeor

Meastar, agus níl ann ach meastachán, gur ‘glanadh’ 67,000 Indiach as oirdheisceart Mheiriceá dá dtailte nuair a cuireadh siar thar an Mississippi iad le linn 1830-1850.[1] Baisteadh ainm ar leith ar an turas a rinne Bundúchasaigh Mheiriceá ag an am seo: 'Bealach na nDeor' ar na heachtraí seo.[2]
Níl aon fhigiúr oifigiúil ann don líon iomlán daoine a cuireadh siar go tailte nua. Baineadh costas daonna ollmhór leis,... na daoine a fuair bás ar an mbealach, na daoine a fuair bás nuair a shroicheadar talamh nach raibh feiliúnach dá saol, na daoine a buaileadh le galair éagsúla, na páistí a mb’éigean dóibh taisteal i rith an gheimhridh.[3][4]
Tá figiúirí ann don líon daoine a fuair bás ar an mbealach, ina measc, luaitear treibh, na Cherokee, go bhfuair idir 2,000 agus 4,000 duine díobh bás.
Tugtar ‘An Glanadh Mór’[5] ar an iarracht mhór a rinneadh sna Stáit Aontaithe sa 19ú haois chun na Bundúchasaigh a ruaigeadh agus an talamh a thabhairt do na Meiriceánaigh ‘nua’, daoine de shliocht na hEorpa.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Indian Removal Act | Definition, History, Significance, & Facts | Britannica" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2026-05-22.
- ↑ I mBéarla, "Trail of Tears"
- ↑ "Indian Removal Act | Definition, History, Significance, & Facts | Britannica" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2026-05-22.
- ↑ Mairéad Ní Nuadháin (22 Bealtaine 2026). "LITIR Ó WASHINGTON: An ‘Glanadh Mór‘ go dtí ‘Bealach na nDeor’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-05-22.
- ↑ i mBéarla, ‘The Great Removal’ nó 'Indian Removal'.