Jump to content

Bealach Baltach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBealach Baltach
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 57° N, 25° E / 57°N,25°E / 57; 25
Cineálagóid
human chain (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deSinging Revolution (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana23 Lúnasa 1989 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhNa Stáit Bhaltacha Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran tAontas Sóivéadach Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na rannpháirtithe2,000,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Širvintos, An Liotuáin

Sa bhliain 1989, thit an tAontas Sóivéadach as a chéile, rinneadh athaontú ar an nGearmáin agus tugadh an Cogadh Fuar chun críche. Ar ócáid stairiúil sna tíortha Bailt ar an 23 Lúnasa 1989, tháinig ‘slabhra daonna’ le cheile, an "Bealach Baltach". Tháinig dhá mhilliún duine amach ar an tsráid agus iad i ngreim láimhe ar a cheile ó chathair Thaillinn san Eastóin anuas go cathair Riga sa Laitvia agus uaidh sin go cathair Vilnias sa Liotuáin. Éacht iontach a bhí ann, ní raibh an fón póca ná idirlín le fáil ag an am.

Bhí an réabhlóid shíochánta ag an am fite fuaite i sraith imeachtaí ó ghluaiseacht Solidarność sa Pholainn, an Phicnic Phan-Eorpach san Ungáir, Réabhlóid na Veilbhite sa tSeicslóvaic, go dtí an Bealach Baltach. Ar fud lár agus oirthear na hEorpa, chuaigh daoine amach ar na sráideanna chun comhrac go síochánta agus in aontacht ar son an daonlathais.[1]

Sa bhliain 1991, bhain an Laitvia, An Liotuáin agus an Eastóin a neamhspleáchas amach ón Aontas Sóivéadach, ar nós leis na poblachtaí iar-Shóivéadacha eile.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Teorainneacha na hEorpa a athrú: Na 1990í" (ga-IE). www.europeana.eu. Dáta rochtana: 2025-09-12.