Jump to content

Beachaireacht in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An tús-litir maisithe B ag tús an Bechbretha sa lámhscríbhinn den 14ú haois (LCnaT, LS 1316).[1]:230
NIBHS (Native Irish Honey Bee Society – Apis mellifera mellifera) agus "Ban Honey Bee Imports"[2]

Is í an tuairim atá ag taighdeoirí in Ollscoil na Gaillimhe ná go bhfuil beacha[3] in Éirinn le thart fá 11,000 bliain[4][5] agus tá a fhios againn raibh beachaireacht in Éirinn beo bríomhar sa 7ú haois ar a laghad.[6][7]

Phléann an trácht Éireannach, Bechbhretha, ón tseachtú haois AD beachaireacht. Is an-mhionsonraithe iad na rialacha luaite ann maidir le beacha agus léirítear dá bharr an tábhacht a bhaineadh le mil, lena dhéanadh deoch mheisciúil, i measc nithe eile, i sochaí na hÉireann.

Luaitear in Early Irish Farming[8] le Fergus Kelly go léiríonn fianaise theangeolaíoch go raibh beacha anseo roimh an Chríostaíocht ach moltar san intreoir do Bechbhretha go léiríonn na dlíthe bainteach le beacha gur glacadh beacha anseo den chéad uair sa chúigiú nó séú haois.

Tá roinnt scéalta fá theacht na mbeach. Tá sé luaite in Féilire Óengusso (téacs ón ochtú haois) gur ghlac Naomh Mo Domhnóc beacha go hÉirinn go luath sa tseachtú haois. Tá an 13ú Feabhra luaite leis an ghníomh seo agus é ráite gur ghlac sé anseo iad ‘anair’ (anoir) i gcurachán. Creidtear gur chaith Mo Domhnóc tamallt sa Bhreatain Bheag agus gurbh é a chur tús le beachaireacht sa tír seo ina mhainistir féin i gCill Chainnigh.

Cuireadh tús le beachaireacht tráchtála In Éirinn sna 1880idí i ndáiríre tar éis bhunú Chónaidhm Chumainn Bheachairí na hÉireann (FIBKA)[9] in 1881.

Tá beacha na hÉireann i mbaol mór – agus leis sin, tá an córas bia agus beatha féin i mbaol.[10] Tá 90 speiceas beach dúchasach in Éirinn, ach tá an tríú cuid díobh i mbaol a dhíothaithe. Agus mura bhfuil beacha ann le plandaí a phailniú, tá an baol ann go dtitfidh ár gcóras bia ina iomláine as a chéile.

Seoladh an Plean Uile-Éireann um Pailneoirí sa bhliain 2015.

“Coinnigh Coirceog"

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2019, d’fhógair Rialtas na hÉireann an tionscnamh “Coinnigh Coirceog, cuidigh leis an mbeach mheala”.[11] Féachtar leis an tionscnamh seo úinéirí foraoise a spreagadh chun an bheach mheala a thabhairt isteach sa choillearnach dhúchasach i gcomhar le Coillearnach Éireann agus na cumainn náisiúnta bheachairí. Bhí Cumann Bheach Mheala Dhúchasach na hÉireann freisin ag tacú leis an tionscnamh.[12]

Maraíodh bean sna seachtóidí ar an 2 Meán Fómhair 2025 nuair a d'ionsaigh saithe beach í i mBaile an Chaisil i dtuaisceart Chontae Mhaigh Eo. Bhí an bhean agus a fear céile ag cruinniú meala as creatchoirceoga ag thart ar 5 a chlog tráthnóna inné nuair a thug an tsaithe fogha fúithi agus sháigh a gclipí inti. D'éirigh sí an-tinn ar an mball . Cuireadh gathanna i roinnt daoine eile nuair a tháinig siad i gcabhair an mbean. Deir beachadóirí gurb annamh a bhásaítear daoine agus iad ag cruinniú meala ach deir siad go bhfuil daoine áirithe an-tograch do ghoimh beiche, i ngan fhios dóibh féin go minic.[13]

Eagraíochtaí in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad an dá phríomhchomhlachas beachaireachta in Éirinn sa lá atá inniu ann ná Cónaidhm Chumainn Bheachairí na hÉireann (FIBKA)[14] agus Cumann Beachairí na hÉireann.[15][16]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Kelly, Fergus (2002). "Ireland and Europe in the early Middle Ages: texts and transmissions": 230–242. Baile Átha Cliath: Four Courts Press.
  2. "Protection of The Native Irish Honey Bee Bill – The Native Irish Honey Bee Society". nihbs.org. Dáta rochtana: 2026-02-24.
  3. i mBéarla, Beekeeping in Ireland
  4. Lorna Siggins (16 DF 2024). "‘Unique’ native Irish honey bee is smaller and hairier, but under severe threat of extinction, new research finds". Dáta rochtana: 2026.
  5. "‘Unique’ native Irish honey bee is smaller and hairier, but under severe threat of extinction, new research finds" (en). www.independent.ie (2024-10-16). Dáta rochtana: 2026-02-24.
  6. Pléann Fergus Kelly an tuairimíocht scolártha ina leabhar Early Irish Farming (1997) agus pléann Kelly agus Thomas Charles-Edward í san intreoir dá n-eagrán de Bechbhretha (1983). Luaitear Eva Crane (scoláire ar bheacha agus beachaireacht) a chreid go raibh siad dúchasach. Ar an taobh eile, luaitear an feithideolaí Michael Chinery a mhol nach amhlaidh.
  7. Dubhán Ó Longáin (2026-02-18). "Teacht na Beachaireachta go hÉirinn" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2026-02-24.
  8. Fergus Kelly; Internet Archive (1997). "Early Irish farming : a study based mainly on the law-texts of the 7th and 8th centuries AD". [Dublin] : School of Celtic Studies, Dublin Institute for Advanced Studies.
  9. "The Federation of Irish Beekeepers Associations - FIBKA" (en-GB) (2024-02-26). Dáta rochtana: 2026-02-24.
  10. Eoin O'Hare (19 Bealtaine 2021). "Tá an cine daonna ag brath ar an bheach i do ghairdín" (ga). independent. Dáta rochtana: 2021-05-20.
  11. "Tionscnamh 'Coinnigh Coirceog' seolta ar Lá Domhanda na mBeach" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2021-05-20.
  12. Eoin O'Hare (19 Bealtaine 2021). "Tá an cine daonna ag brath ar an bheach i do ghairdín" (ga). independent. Dáta rochtana: 2021-05-20.
  13. Nuacht RTÉ (2025-09-02). "Bean maraithe ag saithe beach i gCo Mhaigh Eo" (as ga-IE).
  14. "The Federation of Irish Beekeepers Associations - FIBKA" (en-GB) (2024-02-26). Dáta rochtana: 2026-02-24.
  15. Irish Beekeepers' Association CLG (IBA)
  16. "Beekeeping in Ireland" (as en) (2024-01-20). Wikipedia.