Bartolomé Esteban Murillo
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | Nollaig 1617 Sevilla |
| Bás | 3 Aibreán 1682 64 bliana d'aois Sevilla |
| Siocair bháis | Titim ó airde |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Péintéireacht |
| Suíomh oibre | Sevilla Cádiz Maidrid |
| Gairm | péintéir |
| Seánra | Péintéireacht reiligiúnda agus péintéireacht seánra |
| Gluaiseacht | Baroque painting (en) |
| Mac/iníon léinn de chuid | Juan del Castillo |
| Mac/iníon léinn | Pedro Nuñez de Villavicencio agus Fernando Marquez Joya |
| Faoi thionchar | |
| Teangacha | An Spáinnis |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
| Teaghlach | |
| Céile | Beatriz Cabrera y Villalobos |

Péintéir Spáinneach Barócach ba ea Bartolomé Esteban Murillo (Nollaig 1617, baisteadh 1 Eanáir 1618 – 3 Aibreán 1682). Cé gurb iad a chuid saothar reiligiúnach is mó a bhfuil cáil orthu, phéinteáil sé freisin líon mór pictiúr de mhná agus de pháistí a linne féin — mar shampla gasúir sráide agus lucht déirce — agus is taifead iad ar ghnáthshaol na haimsire sin.[1], [2]
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Murillo sa Spáinn sa bhliain 1617, an mac ab óige i dteaghlach ina raibh ceithre leanbh déag. Bearbóir agus máinlia ba ea a athair, Gaspar Esteban. Fuair a thuismitheoirí bás sna blianta 1627 agus 1628, nuair nach raibh sé ach deich mbliana agus aon bhliain déag d'aois. Ina dhiaidh sin ba é Juan Agustín Lagares, fear céile a dheirféar Ana, a bhí ina chaomhnóir aige, agus chónaigh sé leis an mbeirt acu. Is annamh a d'úsáid Murillo sloinne a athar; ba é sloinne a sheanmháthar ar thaobh a mháthar, Elvira Murillo, a thóg sé ina ionad.[2]
Is i gceardlann Juan del Castillo, a uncail agus a athair baistí, a thosaigh sé ag foghlaim na péintéireachta i Sevilla, agus bhí tionchar ag Francisco de Zurbarán, ag José de Ribera agus ag Diego Velázquez ar an gcéad chuid dá shaothar.[3]
A shaothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Chaith Murillo a shaol ar fad ag obair mar phéintéir, agus ba phictiúir reiligiúnacha d'eaglaisí agus do mhainistreacha an chuid ba mhó dá shaothar.
San ealaín Bharócach is minic a bhíonn drámaíocht mhór ar siúl sna pictiúir, dathanna saibhre doimhne, agus codarsnacht ghéar idir an solas agus an scáth.

Sa bhliain 1645 phós sé Beatriz Cabrera y Villalobos agus bhí deichniúr páistí acu. An bhliain chéanna a fuair sé an chéad choimisiún mór dá shaol: aon chanbhás déag a phéinteáil do mhainistir San Francisco i Sevilla, obair a lean ó 1645 go 1648 agus a bhain le scéalta faoi naoimh de chuid na bProinsiasach.[2]
Rinne sé dhá fhéinphortráid freisin, ceann acu sa Frick Collection i Nua-Eabhrac agus an ceann eile sa Ghailearaí Náisiúnta i Londain.
Bhí a lán daltaí agus lucht leanúna aige, agus roimh an naoú haois déag bhí a shaothar níos forleithne ar fud na hEorpa ná saothar aon ealaíontóra Spáinnigh eile. Tá sraith de shé phictiúr leis ar scéal an mhic dhrabhlásaigh i Gailearaí Náisiúnta na hÉireann.[4]
A bhás
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fuair Murillo bás i Sevilla an 3 Aibreán 1682, cúpla mí tar éis dó titim ó scafall agus é ag obair ar fhreascó i séipéal na gCaipisíneach i Cádiz.
Gailearaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Iósaef agus bean Phóitífear, c. 1640–1645, Gemäldegalerie Alte Meister, Kassel
- Fear Óg le Ciseán Torthaí nó Pearsantú an tSamhraidh, c. 1640–1650, National Galleries of Scotland
- An Cailín leis an mBonn, c. 1645–1650, Museo del Prado
- An Déirceach Óg, c. 1645, Musée du Louvre, Páras
- Buachaillí ag Ithe Fíonchaor agus Mealbhacán, c. 1645–1646, Alte Pinakothek, München
- Naomh Iaróm, c. 1650–1652, Museo del Prado
- Naomh Peadar ag Gol, c. 1650–1655, Museo de Bellas Artes de Bilbao
- Muire an Phaidrín, c. 1650–1655, Museo del Prado
- Naomh Isidoro Sevilla, 1654, Ardeaglais Sevilla
- Teachtaireacht an Aingil, c. 1655–1660, Músaem an Hermitage, Cathair Pheadair
- Adhradh na Saoithe, c. 1660, Toledo Museum of Art
- Taispeánadh na Maighdine do Naomh Ildefonso, c. 1660, Museo del Prado
- Triúr Buachaillí, c. 1660, Dulwich Picture Gallery
- Giniúint Mhuire gan Smál (El Escorial), c. 1660–1665, Museo del Prado
- Naomh Justa, c. 1665, Meadows Museum
- Naomh Rufina, c. 1665, Meadows Museum
- Giniúint Mhuire gan Smál, c. 1665, National Gallery of Victoria, Melbourne
- Sos ar an Teitheadh go dtí an Éigipt, c. 1665, Músaem an Hermitage, Cathair Pheadair
- Críost ag Leigheas an Phairilísigh ag Linn Bhéatsata, 1670, An Gailearaí Náisiúnta, Londain
- Naomh Rós an Líoma, c. 1670, Museo Lázaro Galdiano, Maidrid
- An Mhaighdean agus an Leanbh le Naomh Rós Viterbo, c. 1670, Museo Thyssen-Bornemisza, Maidrid
- An Bhainis i gCána, c. 1672, The Barber Institute of Fine Arts, Birmingham
- Filleadh an Teaghlaigh Naofa ón Éigipt, Nationalmuseum, Stócólm
- Díoltóirí Torthaí, c. 1670–1675, Alte Pinakothek, München
- An Mhaighdean Mhuire agus an Leanbh, c. 1675–1679, Galleria Corsini, An Róimh
- Giniúint Mhuire gan Smál, 1678, Museo de Arte de Ponce
- Giniúint Mhuire gan Smál (Los Venerables), 1678, Museo del Prado
- An tArdaingeal Naomh Raiféal leis an Easpag Domonte, c. 1680, Músaem Pushkin, Moscó
- Buachaill le Madra, c. 1655–1660, Músaem an Hermitage, Cathair Pheadair
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ en.wikipedia.org. "Bartolomé Esteban Murillo". Dáta rochtana: 2026.
- 1 2 3 nationalgallery.ie. "Ag Foghlaim tríd an Ealaín: Paca Acmhainní". Dáta rochtana: MF 2026.
- ↑ Encyclopædia Britannica. "Bartolomé Esteban Murillo". Dáta rochtana: 2026.
- ↑ nationalgallery.ie. "Murillo: The Prodigal Son Restored". Dáta rochtana: 2026.