Barry Bannan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Barry Bannan
Barry Bannan.jpg
Saol
Ainm iomlánBarry Ryan Bannan
Eolas breitheAn t-Àrd-Ruigh, 1ú Nollaig 1989 (33 bliain d’aois)
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
Oideachas
Alma materSt Edmund Campion Catholic School & Sixth Form Centre (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmimreoir sacair
Cur síos
Grúpaí Blianta I C
Flag of None.svg Celtic Football Club-
Azzurro e Porpora (Bordato) con leone Giallo.svg Aston Villa Football Club2008-2013611
Flag of Scotland.svg Scotland national under-21 football team2009-2010101
Flag of None.svg Blackpool F.C.2009-2010201
Flag of None.svg Scotland B national football team2009-200910
Flag of None.svg Derby County F.C.2009-2009101
Flag of None.svg foireann sacair náisiúnta na hAlban2010-
Flag of None.svg Leeds United Association Football Club2011-201170
Flag of None.svg Crystal Palace F.C.2013-2015221
600px Bianco striato Rosso e Blu bordato.png Bolton Wanderers Football Club2015-2015160
Flag of None.svg Sheffield Wednesday F.C.2015-
 
Ionad nó speisialtachtimreoir lár páirce
Uimhir spóirt25
Meachán61 kg
Airde169 cm

Is imreoir sacair gairmiúil as Albain é Barry Ryan Bannan (rugadh 1 Nollaig 1989) a imríonn i lár na páirce do Sheffield Wednesday agus le foireann náisiúnta na hAlban freisin.

Thosaigh Bannan ag imirt le Celtic i dtús báire, sular imir sé ina chéad chluiche sinsearach in 2008 le Aston Villa, agus ansin tugadh ar iasacht do Derby County, Blackpool agus Leeds United é sa Championship. In 2013, shínigh sé conradh le Crystal Palace ar tháille nár nochtadh, agus tar éis iasacht ghairid do Bolton Wanderers, chuaigh sé ar aghaidh go dtí Sheffield Wednesday. D'imir sé a chéad chluiche idirnáisiúnta le foireann na hAlban sa bhliain 2010, agus tá 27 caipín aige anois.

Rugadh Bannan san Àrd Ruigh, agus thosaigh sé ag imirt leis an gclub óige áitiúil, Lenzie Youth Club. Sa bhliain 1999, agus é ina ghiolla liathróide naoi mbliana d'aois do Albion Rovers, tháinig sé chun suntasachta le linn cluiche in aghaidh Montrose, nuair a thosaigh sé ag cleasaíocht leis an liathróid agus chuir sé í thar cheann imreora de chuid Montrose a bhí ag rith ina threo. Bhain an cleas aclaíochta gáir as an slua, agus bhí cathaoirleach Albion Rovers, Davie Shanks, an-tógtha leis, ag rá “Is é an t-imreoir is fearr amuigh ansin”. [1]

In 2002, bhain Bannan áit ar Celtic Boys Club amach agus d'imir sé leo go dtí go raibh sé ceithre bliana déag d'aois, nuair a ghlac sé le tairiscint trialach ó Aston Villa.[2] Le linn dó a bheith ar a thriail in acadamh an chlub Shasanaigh, ghlac sé páirt i gComórtas Ergenzingen sa Ghearmáin. Bhuaigh foireann Villa an comórtas le bua 1–0 ar FSV Mainz sa chluiche ceannais, agus ainmníodh Bannan sárimreoir an chomórtais. Go gairid ina dhiaidh sin, tairgeadh conradh dhá bhliain leis an gclub don Albanach óg.[2]

Is imreoir lár páirce é Bannan go príomha ach is féidir leis imirt mar chliathánaí freisin. Tá sé fíorchumasach lena chos chlé.[3]

Chuir bainisteoir Aston Villa Gérard Houllier Bannan i gcomparáid le himreoirí lár páirce do Barcelona Xavi agus Andrés Iniesta. Rinne Ian Holloway, a bhainsteoir nuair a d’imir sé le Blackpool, cur síos air mar “imreoir sacair álainn, an-bhreá le breathnú air”. [4]

Tacaíonn Bannan lena iarfhoireann, Celtic, agus is é an t-imreoir lár páirce Stiliyan Petrov, ar imir sé leis ag Aston Villa, a laoch nuair a bhí sé óg.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Parks, Gordon (18 Samhain 2010). "I remember Barry Bannan stealing the show as a ball boy at Albion Rovers, says ex-boss Jimmy Lindsay". Daily Record. Dáta rochtana: 3 Meitheamh 2012.
  2. 2.0 2.1 Broadfoot, Darryl (21 Márta 2009). "Celtic's indifference is Villa's gain as Bannan defies detractors". The Herald (Glasgow). Dáta rochtana: 9 Deireadh Fómhair 2011.
  3. Aston Villa: Player Profile | Barry Bannan”. Avfc.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Eanáir 2011. Dáta rochtana: 24 Deireadh Fómhair 2011.
  4. Holloway hails Bannan strike – Sport”. Blackpool Gazette. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 3 Feabhra 2010. Dáta rochtana: 24 Deireadh Fómhair 2011.
  5. "Aston Villa: Barry Bannan thanks 'father figure' Stiliyan Petrov". Sunday Mercury (5 Meán Fómhair 2010). Dáta rochtana: 1 Meán Fómhair 2011.