Bannan (Sraith Teilifíse)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de sèrie de televisióBannan
TírAlbain
Bealach teilifíseBBC Alba
An chéad eipeasóid23 Meán Fómhair 2014
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúilbbc.co.uk… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt4396312 Cuir in eagar ar Wikidata

Sraith theilifíse Gaeilge na hAlban is ea Bannan (Gaeilge: Bannaí; Béarla: The Ties That Bind) a léiríonn Young Films agus a chraoltar ar BBC Alba.

Fá philleadh Mhàiri NicDhòmhnaill go hoileán Chamus, oileán Gaeltachta inar tógadh í, ó Ghlaschú, agus an dóigh a dtagann sí chun réitigh leis an dráma teaghlaigh a thug uirthi imeacht ocht mbliana roimhe sin atá an tsraith.

Craolaíodh an chéad sraith i 2014 agus tá seacht sraith iomlán eile craolta ó shin. Fógraíodh gurb é an t-ochtú sraith an tsraith deireanach agus craoladh an eipeasóid deireanach ar Lá na Bliana Úire 2022.[1]

Aisteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Debbie NicAoidh - Màiri NicDhòmhnaill

Dòl Eoin MacFhionnagain - Alasdair

Iain MacRaith - Tormod MacDòmhnaill

Ali Mac Gille Fhinnein - Iain

Alastair MacAoidh - Donneil MacRaith

Màiri Moireasdan - Iseabail

Ellen NicDhòmhnaill - Ciorstaidh

Cailean Collier - Cailean

Ange NicAoidh - Sarah Jane

Màiri Nic Gille Fhinnein- Isla

Calum MacFhionnagain - Uncail Roddy

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cunnart agus briseadh-cridhe anns an t-sreath mu dheireadh de dhràma BBC ALBA Bannan" (gd-UK). MG ALBA (2021-12-21). Dáta rochtana: 2021-12-28.

Nasc seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]