Banc Iosrael

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Banc na Iosrael)
Bosca Sonraí EagraíochtaBanc Iosrael
(he) בנק ישראל
(ar) بنك إسرائيل Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanc ceannais
statutory corporation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitBank Leumi Le- Israel B.m. (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1954
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtAmir Yaron (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Governor of the Bank of Israel (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataAmir Yaron Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinboi.org.il Cuir in eagar ar Wikidata
LinkedIn: bank-of-israel Youtube: UChJvckHJmDDQu3ujhGNJ5bg Cuir in eagar ar Wikidata

Banc ceannais Iosrael is ea Banc Iosrael (Eabhrais: בנק ישראל Araibis: بنك إسرائيل) atá suite i Kiryat HaMemshala i Iarúsailéim, le hoifig brainse i dTel Aviv.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a dearbhaíodh neamhspleáchas Iosrael sa bhliain 1948, bhí an chumhacht le haghaidh nótaí a eisiúint ag an Banc Angla-Palaistíneach, a bhí athfhódaithe mar an Banc Leumi sa bhliain 1950. Bhí beartas airgeadaíochta agus maoirseacht bhaincéireachta fós á rialú ag an Aireacht Airgeadais.

Bunaíodh Banc Iosrael ar 24 Lúnasa, 1954, nuair a rith ​​an Knesset Acht Bhanc Iosrael, a thug eisiúint airgeadra agus feidhmeanna rialála ón Aireacht Airgeadais chun an Bhainc nuabhunaithe.

Níor thugadh rialú ar mhalartú airgeadra eachtrach don bhanc go dtí 1978. Rinneadh an Banc iomlán neamhspleách sa bhliain 1985 agus ón bhliain 1992, bainistíonn an Banc a bheartas airgeadaíochta chun freastal ar an sprioc boilscithe a bhíonn leagtha síos ag rialtas Iosrael - sé sin, i raon idir 1 agus 3 faoin gcéad in aghaidh na bliana, a meastar mar cobhsaíocht praghsanna. Ina theannta sin, bainistíonn an Banc na Cúlchistí Malairte Eachtraí.

Tá Amir Yaron i gceannas ar an mbanc ón mbliain 2018 i leith.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]