Banc Iosrael
![]() ![]() | |
Sonraí bunúsacha | |
---|---|
Cineál |
Banc ceannais ![]() |
Foirm dlí | |
Téann in áit |
Bank Leumi (en) ![]() ![]() |
Dáta a bunaíodh | 1954 |
Eagraíocht agus rialtas | |
Uachtaránacht |
Amir Yaron (2018–) ![]() |
Governor of the Bank of Israel (en) ![]() ![]() |
Amir Yaron ![]() |
| |
Suíomh gréasáin |
boi.org.il ![]() |
Banc ceannais Iosrael is ea Banc Iosrael (Eabhrais: בנק ישראל Araibis: بنك إسرائيل) atá suite i Kiryat HaMemshala i Iarúsailéim, le hoifig brainse i dTel Aviv.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Nuair a dearbhaíodh neamhspleáchas Iosrael sa bhliain 1948, bhí an chumhacht le haghaidh nótaí a eisiúint ag an Banc Angla-Palaistíneach, a bhí athfhódaithe mar an Banc Leumi sa bhliain 1950. Bhí beartas airgeadaíochta agus maoirseacht bhaincéireachta fós á rialú ag an Aireacht Airgeadais.
Bunaíodh Banc Iosrael ar 24 Lúnasa, 1954, nuair a rith an Knesset Acht Bhanc Iosrael, a thug eisiúint airgeadra agus feidhmeanna rialála ón Aireacht Airgeadais chun an Bhainc nua-bhunaithe.
Níor thugadh rialú ar mhalartú airgeadra eachtrach don bhanc go dtí 1978. Rinneadh an Banc iomlán neamhspleách sa bhliain 1985 agus ón bhliain 1992, bainistíonn an Banc a bheartas airgeadaíochta chun freastal ar an sprioc boilscithe a bhíonn leagtha síos ag rialtas Iosrael - sé sin, i raon idir 1 agus 3 faoin gcéad in aghaidh na bliana, a meastar mar cobhsaíocht praghsanna. Ina theannta sin, bainistíonn an Banc na Cúlchistí Malairte Eachtraí.
Tá Amir Yaron i gceanas ar an mbanc ón mbliain 2018 i leith.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann le: Bank of Israel. |