Banc Ceannais na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBanc Ceannais na hÉireann
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálbanc ceannais Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitCurrency Commission (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1942
Gníomhaíocht
Ball deInternational Statistical Institute (en) Aistrigh
Network for Greening the Financial System (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtPatrick Honohan (en) Aistrigh (–2015)
Philip R. Lane (2015–2019)
Gabriel Makhlouf (en) Aistrigh (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deEuropean System of Central Banks (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincentralbank.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: centralbank_ie Instagram: centralbankofireland LinkedIn: central-bank-of-ireland Youtube: UCqm18N26FP7XcayM6JS59BA Cuir in eagar ar Wikidata

Banc Ceannais na hÉireann freagrach as baincéireacht cheannais agus as rialáil airgeadais.[1] Bunaíodh eagraíocht aonair lán-chomhtháite atá freagrach as baincéireacht cheannais agus as rialáil airgeadais araon sa bhliain 2010 [2].

Ba é a d’eisigh nótaí bainc agus monaí an phunt Éireannach go dtí gur tugadh isteach an t-airgeadra Euro, agus cuireann sé an tseirbhís seo ar fáil anois don Bhanc Ceannais Eorpach.

Bunaíodh Banc Ceannais na hÉireann an 1 Feabhra 1943, agus ón 1 Eanáir 1972 i leith tá sé ina bhaincéir ag Rialtas na hÉireann de réir Acht an Bhainc Ceannais 1971, ar féidir a fheiceáil i dtéarmaí reachtaíochta mar rud a chuir an t-aistriú fada ó bord airgeadra chuig banc ceannais lánfheidhmiúil.

Bhí a cheannoifig, foirgneamh Bhanc Ceannais na hÉireann, suite ar Shráid an Dáma, Baile Átha Cliath ó 1979 go dtí 2017. Dúnadh a oifigí i gCúirt Uíbh Eachach agus i bhFaiche an Choláiste ag an am céanna freisin. Ó mhí na Mhárta 2017, tá a cheanncheathrú lonnaithe ar Ché an Phoirt Thuaidh, áit ar féidir leis an bpobal monaí agus airgeadra Éireannach neamhreatha (roimh agus iardheachúlú) a mhalartú le haghaidh Euro, chomh maith le nótaí bainc Euro ardluacha agus airgeadra “lotaithe”.  Is é an tIonad Airgeadra (Miontús Éireann) ag Áth an Ghainimh suíomh monaraithe airgeadra, trádstórais agus dáileacháin an bhainc.

Rinneadh dochar do chlú an Bhainc Ceannais i ngéarchéim airgeadais na hÉireann, cé go ndearnadh athchóiriú suntasach ar a struchtúir agus a bheartais le linn na tréimhse sin.  Tá méadú tagtha ar a fhoireann foirne agus tá feabhas ag teacht i gcónaí ar a seasamh idirnáisiúnta mar thoradh ar a feachtas athchóirithe.

Ról rialála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é ról rialáil airgeadais ná maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na ndreamanna seo a leanas:[3]

  • Institiúidí creidmheasa, idirghabhálaithe infheistíochta, malartáin airgeadais, stocbhróicéirí,  scéimeanna comhinfheistíochta, cistí, cúiteamh d’infheisteoirí agus saincheisteanna a bhaineann le tomhaltóirí
  • Árachas saoil, árachas ginearálta agus saincheisteanna a bhaineann le tomhaltóirí
  • Comhair Chreidmheasa
  • Iasachtóirí airgid, idirghabhálaithe morgáiste agus creidmheasa, monatóireacht a dhéanamh ar na táillí a ghearrann institiúidí ar thomhaltóirí agus saincheisteanna a bhaineann le tomhaltóirí

Déanann an Banc Ceannais monatóireacht agus forfheidhmiú ar chosaint tomhaltóirí, ar iompar gnó agus ar riachtanais stuamachta na n-institiúidí airgeadais atá ag feidhmiú in Éirinn. Beartaíonn an Banc Ceannais freisin ar cad iad na riachtanais is bunúsaí inniúlachta is gá do ghnólachtaí iad a chomhlíonadh.

Fógraíodh i mí na Bealtaine 2022 go gceapfaí Sharon Donnery mar Leas-Ghobharnóir le freagracht as rialáil airgeadais i mí Iúil 2022.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Banc Ceannais na hÉireann roimh 2016

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. centralbank.ie (2010). "Tuarascáil Bhliantúil, 2010". Dáta rochtana: 2021.
  2. "An tAcht um Athchóiriú an Bhainc Ceannais 2010". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-26. Dáta rochtana: 2013-02-26.
  3. "SaolOibre.ie - Baincéireacht & Seirbhísí Airgeadais". cc.saoloibre.ie. Dáta rochtana: 2021-01-26.
  4. Bernardine Nic Giolla Phádraig (2004). "TK Whitaker" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-01-26.