Bananaphoblacht (caife)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBananaphoblacht
Sonraí
Cineálcaifé Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Teach caife dátheangach i gcathair na Gaillimhe ab ea Bananaphoblacht. Bhí sé suite ag uimhir 56 Sráid Dhoiminic Íochtair. Bhí teach caife eile sa láthair chéanna roimhe darb ainm 'Apostasy'. Cheannaigh an t-iriseoir agus an scríbhneoir Alex Hijmans léas na háite i 2001 agus bhí sé ina bhainisteoir ar Bhananaphoblacht go 2006,[1] nuair a dhíol sé an caife le húinéirí nua, a bhunaigh bacús ann. Tá an bacús sin imithe ó shin agus tá siopa fóin lonnaithe san fhoirgneamh anois.

Caife dátheangach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caife dátheangach ab ea Bananaphoblacht. Bhí Gaeilge ag cuid mhór de na freastalaithe ann agus bhí tarraingt ar leith ag muintir na Gaeilge ar an áit. Bhí biachláir dhátheangacha ag an gcaife. Bronnadh Gradam Sheosamh Uí Ógartaigh ar fhoireann na Bananaphoblachta sa bhliain 2004 as a gcuid oibre ar son na teanga.[2][3]

Úrscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-úrscéal Aiséirí le Alex Hijmans bunaithe ar an tréimhse ar leis an t-údar Bananaphoblacht. Ficsean agus ní dírbheatháisneis atá in Aiséirí áfach. Tá an teach caife ina bhfuil an t-úrscéal suite lonnaithe ar shráid fhicseanúil ar bhruach thiar na Coiribe.[4]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]