Baisileasc (miotaseolaíoch)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I bhfinscéalta na hEorpa, is reiptíl miotaseolaíoch é an Rínathair nó an Baisileasc. Ba í "Rí na Naithreacha" í an Rínathair (ach tabhair faoi deara go bhfuil an focal baininscneach), agus deirtí go raibh sí ábalta fear fásta a mharú ach amharc air.

Bhí an creideamh sa Rínathair comónta i measc gnáthdhaoine sa tSean-Ghréig agus sa tSean-Róimh, agus tá an ollphéist luaite cúpla uair sa Bhíobla (m.sh. Íseáia 59:5).

Sanaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann na téarmaí Gaeilge ó βασιλίσκος Basilískos na Gréigise, a chiallaíonn "rí beag". Is gaelú den Ghréigis é Baisileasc, ach feictear an focal rínathair leis[1]. Déantar idirdhealú, áfach, idir í seo agus an rí-nathair, Lampropeltis getulis[2].

I gcultúr coiteann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ról tábhachtach ag an mbaisileasc sa tsraith úrscéalta Harry Potter, scríofa ag J. K. Rowling, ach go háirithe ina dara leabhar, Harry Potter agus an Seomra Diamhair (Harry Potter and the Chamber of Secrets as Béarla). Ann sin, léirítear an rínathair mar nathair ollmhór a mharaíonn daoine trí bhreathnú orthu go díreach, ach a chlochraíonn iad má fhéachtar uirthi trí mheán eile (m.sh. scáthán, uisce nó trí chorp taibhse).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]