Bainne foirmle do naíonáin
| Ainmneacha eile | Beathú cíche nó foirmle naíonán saorga |
|---|---|
| Cineál | bia, deoch, infant product (en) |
| Tionscnaimh | 1865 |
| Comhábhair | Carbaihiodráití, próitéiní, saillte, vitimíní agus mianraí. |
| Modh ullmhúcháin | Measc le huisce |
| Cupán molta | Buidéal |
| Bunaithe ar | Bainne cíche |
| Dath | Bán |


Is éard is bainne foirmle do naíonáin ann bia a úsáideann naíonáin le linn na chéad mhíonna den saol (leanaí faoi bhun 12 mhí d'aois, de ghnáth) lena gcomhlíontar riachtanais chothaitheacha naíonán go dtí go dtabharfar bia comhlántach iomchuí isteach ina n-aiste bia.[1]
Dar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, níl aon ghá le bainne foirmle leantach[2] do naíonáin atá níos sine ná 12 mhí d'aois.[3] Molann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Roinn Sláinte agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte cothú cíche amháin don chéad sé mhí tar éis do leanbh teacht ar an saol, tréimhse ina gcuireann bainne cíche an cothú ar fad a bhíonn ag teastáil ó leanbh ar fáil dóibh.
Scannail
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2026, bhí roinnt táirgí foirmle naíonáin agus fhoirmle leantach do naíonáin de chuid SMA / Nestlé tarraingthe siar de bharr an bhaol go bhféadfadh an tocsain cereulide[4] bheith iontu. Deir an tÚdarás Sábháilteachta Bia gur féidir le bia a bhfuil an cereulide ann múisc agus babhta géar urlacain a thabhairt. Is féídir le siomptóim tosú faoi chúig uair a chloig den fhoirmle a ól agus mairfidh an tinneas idir shé agus cheithre uaire is fiche. An bhaictéir bacillus cereus is cúís leis an tocsain cereulide bheith in aon bhia, agus ní mharaíonn teas go héasca é.[5][6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ /publications.europa.eu/ (2020). "Bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach / Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/127 / Uimhir CELEX: 32016R0127". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ i mBéarla, follow-on baby formula milk
- ↑ "Drinks for babies 0 to 12 months" (en). HSE.ie. Dáta rochtana: 2026-01-06.
- ↑ "Cereulide" (as en) (2025-09-18). Wikipedia.
- ↑ "Recall of specific batches of various SMA infant formula and follow-on formula products" (en). Food Safety Authority of Ireland. Dáta rochtana: 2026-01-06.
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-01-06). "Táirgí bhainne fhoirmle do naíonáin SMA tarraingthe ag Nestlé" (as ga-IE).