Bainistiú ithreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cur i bhfeidhm prionsabail eolaíochta chun talamh talmhaíochta a bhainistiú, struchtúr na hithreach a chaomhnú, cothaithigh a sholáthar, agus truailliú is cnaí na hithreach a sheachaint. Baineann cuid mhaith feirmeoirí feidhm as laghdú sa churaíocht chun an bharrithir thorthúil a chaomhnú. Is féidir coinníollacha maithe fisiciúla a bhaint amach san ithir trí chothromaíocht an ábhair orgánaigh a chaomhnú trí uainíocht na mbarr is leasú. Is féidir barra cumhdaigh a phlandáil chun an ithir a chosaint sa gheimhreadh. Fástar barra glasa leasaithe chun iad a threabhadh isteach sa talamh le cur leis an ábhar orgánach san ithir. Tá sé tábhachtach aigéadacht ar leith na hithreach a choinneáil chun ithreacha difriúla a oiriúnú do bharra tromthoraidh. Is eol go maith anois go ndéanann truailliú don ithir damáiste d'fhás plandaí agus sláinte ainmhithe is daoine. Tarlaíonn sin de bharr comhábhair thocsaineacha, ceimiceáin, salainn, ábhair radaighníomhacha, nó gníomhaithe a chuireann tús le galair a theacht isteach san ithir trí fhuíoll tionsclaíoch nó lotnaidicídí. Le bainistiú cúramach na hithreach, is féidir go ndianscaoilfidh na tocsainí seo is go n-imeoidh siad as an ithir.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bainistiú ithreach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 58.