Baile Átha Cliath Fine Gall (Dáilcheantar)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Átha Cliath Fine Gall

Suíomh
Map
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú2016

Is toghcheantar parlaiminte é Baile Átha Cliath Fine Gall, a bheidh ionadaíocht aige i nDáil Éireann, teach íochtarach na Parlaiminte nó an Oireachtais, ón olltoghchán seo chugainn de chuid na Dála. Toghfar 5 teachtaí (Teachtaí Dála, ar a dtugtar TDanna orthu). Is éard an modh toghcháin a n-úsáidfear ná an vóta aonair inaistrithe, leagan den ionadaíocht chionmhar.

TDanna reatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stair agus teorainneacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhol An Coimisiún um Thoghlaigh ina dtuarascáil sa bhliain 2012 go gcruthófaí, ar an gcéad olltoghchán eile, toghlach nua darbh ainm Fine Gall Bhaile Átha Cliath. Mhol an tuarascáil athruithe ar dháilcheantair na hÉireann, ionas go laghdófar líon iomlán na dTeachtaí Dála ó 166 go 158.

Dhearbhaigh AN tAcht Toghcháin (Leasú)(Dáilcheantair) 2013, go mbeadh [[Baile Átha Cliath Thuaidh ar fad, Sord-An Fhoraois agus Cill Shalcháin ó Bhaile Átha Cliath Thiar agus Baile Ghrífín agus Turnapain ó Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh ionchorpraithe san dáilcheantair nua.

Sainmhíníonn an tAcht 2013 an toghlach mar:

"I gcontae Fhine Gall na toghranna:

Baile Brigín (Tuath), Baile Brigín (Uirbeach), Baile Bachaille, Baile Ghrífín, Baile Scadán, Gleann Meáin, Domhnach Bat, Baile Gháire, an Choill Naofa, Inis Pádraig, Cill Shalcháin, Cinn Sáile, Lusca, Mullach Íde Thoir, Mullach Íde Thiar, Port Mearnóg Thuaidh, Port Mearnóg Theas, an Ros, na Sceirí, Sord-an Fhoraois,Sord-an Ghlas Mhór, Sord-Halla an Leasáin, Sord-Baile na Trá, Sráidbhaile Shoird;

agus na codanna sin de thoghranna Aerfoirt, Dúbóthar agus Turnapain atá lastuaidh de líne arna tarraingt feadh Chonair na Croise Thuaidh (M50), ag dul deiseal timpeall agus ag eisiamh chompal Uimh 3 ag acomhal Chonair na Croise Thuaidh (M50) le mótarbhealach an M1. "

Toghcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Olltoghchán 2016[cuir in eagar | athraigh foinse]

Olltoghchán 2016: Baile Átha Cliath Fine Gall
Páirtí Iarrthóir Scair Comhair 1 Comhair 2 Comhair 3 Comhair 4 Comhair 5 Comhair 6 Comhair 7 Comhair 8 Comhair 9 Comhair 10
Fianna Fáil Darragh O'Brien 17.9 10,826
Independents 4 Change Clare Daly 15.7 9,480 9,552 9,827 10,566
Fine Gael Alan Farrell 12.4 7,514 7,563 7,627 7,664 7,672 8,082 8,244 8,709 8,969 9,965
Páirtí an Lucht Oibre Brendan Ryan 10.0 6,009 6,054 6,125 6,193 6,210 6,358 6,800 7,794 8,424 9,406
Sinn Féin Louise O'Reilly 8.7 5,228 5,246 5,314 5,621 5,719 5,858 6,193 6,465 7,911 8,771
Fine Gael James Reilly 7.7 4,666 4,699 4,735 4,767 4,767 4,955 5,259 5,549 5,756 6,215
Fianna Fáil Lorraine Clifford-Lee 5.6 3,359 3,788 3,871 3,937 3,953 4,339 4,705 5,099 5,595
Independents 4 Change Barry Martin 4.0 2,412 2,424 2,694 3,126 3,404 3,649 4,298 5,077
Comhaontas Glas Joe O’Brien 4.6 2,783 2,802 2,964 3,105 3,125 3,430 3,758
Comhghuaillíocht Neamhspleách Tony Murphy 4.1 2,503 2,520 2,679 2,863 2,896 3,104
Renua Éireann Gerry Molloy 3.5 2,091 2,139 2,219 2,326 2,355
CFD-CPRB Terry Kelleher 3.4 2,067 2,076 2,210
Neamhspleách Roslyn Fuller 1.3 772 775
Neamhspleách Marcus de Brun 1.0 627 633
Neamhspleách Fergal O'Connell 0.1 51 52
Toghthóirí: 93,486 bailí: 60,388 Millte: 462 Cuóta: 10,065 Vótóirí: 65.1%

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]