Jump to content

Béasaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is béasaíocht[1] (nó nósmhaireacht) ann ná sraith rialacha neamhoifigiúla a threoraíonn iompar cuí daoine i sochaí, i ngrúpa sóisialta nó i bpobal ar leith.[2][3] Má tá béasa ar dhuine, bíonn siad béasach agus múinte agus léiríonn siad é sin ina gcuid iompair, go háirithe ar ócáidí sóisialta. .[4][5]

Murab ionann agus an dlí, ní chuirtear pionós oifigiúil ar dhuine as na rialacha seo a shárú de ghnáth; ina áit sin, is minic a thuilleann sárú den sórt sin míshásamh nó drochmheas an phobail.[3]

Thart ar 2350 RC, scríobh an t-oifigeach sinsearach Éigipteach Ptahhotep saothar dar teideal The Maxims of Ptahhotep, ina moltar tréithe sibhialta cosúil le hionracas, féinsmacht agus cineáltas i leith daoine eile.[6]

Sa bhliain 1528, d'fhoilsigh an cúirteoir agus taidhleoir Iodálach Baldassare Castiglione Il Cortegiano (i mBéarla, The Book of the Courtier), saothar a raibh tionchar mór aige ar bhéasaíocht na gcúirteanna ríoga san Eoraip; pléigh sé na tréithe ba chóir a bheith ag cúirteoir idéalach.[7]

Tagann an focal Béarla etiquette ón bhFraincis étiquette (rud a chiallaíonn lipéad nó ticéad), agus tá sé in úsáid sa Bhéarla ón mbliain 1750 i leith. De réir traidisiúin, bhain bunús an fhocail le cúirt Laoise XIV, an 'Rí na Gréine', ag Pálás Versailles, áit ar tugadh cártaí nó lipéid do chuairteoirí ag míniú dóibh conas ba cheart dóibh iad féin a iompar.[6]

Sa bhliain 1922, d'fhoilsigh an scríbhneoir Meiriceánach Emily Post Etiquette in Society, in Business, in Politics, and at Home, leabhar a raibh an-tionchar aige ar bhéasaíocht Mheiriceá Thuaidh san fhichiú haois.[6]

Gnéithe na béasaíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Athraíonn rialacha na béasaíochta ó chultúr go cultúr agus ó ré go ré, ach tá roinnt gnéithe coitianta ann, ina measc béasaíocht boird, béasaíocht gnó, agus prótacal taidhleoireachta — na rialacha foirmiúla a leanann stáit agus a n-ionadaithe ag imeachtaí oifigiúla. Le blianta beaga anuas, tá cur síos coitianta freisin ar netiquette (nó béasaíocht dhigiteach): na rialacha neamhoifigiúla a threoraíonn iompar daoine agus iad ag cumarsáid ar líne.[8]

Tá sé mar aidhm ag feachtas Meas Foirne ó Transport for Ireland custaiméirí a spreagadh chun meas a léiriú do thiománaithe iompair phoiblí, d'fhoireann agus do thiománaithe tacsaí.[9]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]