Jump to content

Bánú (grúpa feachtais)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bosca Sonraí EagraíochtaBánú

Is grúpa feachtais tithíochta é Bánú atá dírithe ar dhul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh mhuintir na Gaeltachta tithe a thógáil sa Ghaeltacht.[1]

Tháinig an grúpa le cheile i mí Feabhra 2024.[2] I mí na Samhna 2024, tháinig Bánú agus Conradh na Gaeilge le chéile leis an bhfeachtas náisiúnta ‘Tinteán’ a sheoladh le plé le ceist na tithíochta Gaeltachta ar bhonn náisiúnta. Ag an am céanna, bhí daoine sa ghrúpa Bánú a bhí ag cur in aghaidh tearmann a bheith á thabhairt do theifigh sa Ghaeltacht.[3]

Deir an grúpa Bánú gur ‘fadhb teanga’ í an fhadhb tithíochta sa Ghaeltacht agus go bhfuil sí ‘ag cur todhchaí na Gaeltachta i mbaol’.[4] [5] Maíonn Bánú go bhfuil an Ghaeltacht i mbaol mar gheall ar a laghad teaghlaigh óga atá sa cheantar agus go bhfuil polasaithe na comhairle ag cur leis an mbaol sin.[6][7]

Éilíonn Bánú

  • go ndéanfaí athbhreithniú ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028 agus go ndéanfaí leasuithe air le go mbeidh an rannóg pleanála “ag comhlíonadh dualgais reachtúla maidir le hoidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint”.
  • go ndéanfaí athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta um Sheachadadh Tithíochta 2022-2026 le soláthar tithíochta sóisialta agus inacmhainne do phobal na Gaeltachta a chur san áireamh.
  • cead pleanála a thabhairt do dhaoine ar mhaith leo teach nua a thógáil ar shuíomh i nGaeltacht na Gaillimhe.
  • “an chumhacht agus an maoiniú riachtanach” d’Údarás na Gaeltachta le tithíocht a sholáthar do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá chumhacht atá ag Roinn na Gaeltachta faoi Mhír 9 d’Acht Tithíochta na Gaeltachta 2001 “deontais a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht” le tithe a thógáil nó a fheabhsú. Ach cuireadh deireadh leis na deontais sin in 2009 mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíochta sa tír. Níor tugadh ar ais ó shin iad.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Maitiú Ó Coimín (3 Márta 2025). "Dóchas léirithe ag Bánú ag cruinniú faoi ghéarchéim tithíochta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-03.
  2. Iris Aniar ar Raidió na Gaeilge (2024-02-08). "Bánú cultúir agus teanga: Fadhb na Tithíochta sa Ghaeltacht" (as ga-IE). 
  3. Donncha Ó hÉallaithe (29 Bealtaine 2024). "Cruinniú fiúntach faoi chúrsaí tithíochta ar lá corrach ar an gCeathrú Rua" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-04.
  4. Maitiú Ó Coimín (12 Nollaig 2024). "Achainí déanta ag lucht feachtais go gcuirfí ceist na tithíochta sa Ghaeltacht i gclár rialtais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-04.
  5. Máirtín Ó Catháin (10 Márta 2025). "An bhfuil éigeandáil sa Ghaeltacht agus má tá céard is éigeandáil ann?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-10.
  6. Comhairle Chontae na Gaillimhe (2025). "Tithíocht inacmhainne / Scéim um Cheannach Inacmhainne | Scéim Cíosa Costais". www.galway.ie. Dáta rochtana: 2025-03-10.
  7. .galway.ie (2022). "An Straitéis Tithíochta / HS 2 Tithíocht Shóisialta agus Inacmhainne". Dáta rochtana: 2025.
  8. "Oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta á cur i mbaol ag polasaithe pleanála – grúpa feachtais" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-03-10). Dáta rochtana: 2025-03-10.