Jump to content

Azken garaipena

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAzken garaipena
Cárta innéacs
ÚdarIban Zaldua
MaisitheoirJulen Ribas
Foilseachán2011 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Líon na leathanach48
Eile
Leabharuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta978-84-938938-9-7

Is úrscéal grafach é Azken garaipena (ga: "An Bua Deiridh") a scríobh Iban Zaldua [eu] agus a mhaisigh Julen Ribas [eu]. Tá gnéithe ficsean eolaíochta agus noir in éineacht sa scéal seo, a thiteann amach sa bhliain 2052.

Construálann Azken garaipena Ukronia [eu],[1] is é sin, tá an scéal bunaithe ar an imoibriú slabhrúil a d'eascródh as eachtra staire amháin a bheith athraithe. Cén sórt staid ina bheadh an domhan sa bhliain 2052 dá mba rud é gur ag Hitler a bhí an bua sa Dara Cogadh Domhanda? Sin é bunús an úrscéil ghrafaigh.

Is í Sigrid Frisch, leifteanant sna póilíní coiriúla, an príomhcharachtar. Caithfidh sí roinnt coireanna mistéireacha san Almáin a imscrúdú: tosaíonn roinnt coirp ag teacht chun solais agus, rud a chuireann iontas ar gach duine, tá imleacáin orthu. Siúd le heachtra chasta uaidh sin.

Tá an ficsean eolaíochta agus an noir fite ina chéile sa scéal, ag tairiscint réimse leibhéil léitheoireachta. I measc rudaí eile, tá breathnú siar ar imeachtaí stairiúla, léamh meiti-scéalach, agus an meascán den fhicsean eolaíochta agus den réalachas is déine.[2][3]

As ucht an ghreannáin seo, bronnadh Duais Euskadi 2012 (Euskadi Literatura Sariak [eu])[1] i gcomhair Litríochta i mBascais do Leanaí agus d'Ógánaigh ar na húdair.[2] Ba é seo an chéad uair a bronnadh an gradam seo ar ghreannán.[4] Sa bhliain 2013, roghnaigh OEPLI, an Eagraíocht Spáinneach i gcomhair Leabhair do Pháistí agus d'Ógánaigh, é le haghaidh Liosta Onóra IBBY. Roghnaítear naoi saothar ó gach cearn den Spáinn don liosta seo gach re bliain, agus b'é Azken garaipena an t-aon ghreannán ar an liosta.[5]

Cé go gcuirtear i láthair é mar shaothar do dhaoine óga, táthar ann a deir gur saothar do dhaoine fásta é.[6]

Foilsíodh Azken garaipena den chéad uair mar shraithscéal sa ghreannán Xabiroi, ach tá sé ar fáil i bhformáid leabhair freisin, arna fhoilsiú ag Ikastolen Elkartea [eu].

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 Villarreal, Mariano (2021). "Basque SF" (as Béarla). sf-encyclopedia.com. Dáta rochtana: 2026-09-06.
  2. 1 2 Kultura eta Hizkuntza Politika, Kultura sustatu, Euskadi Literatura Sariak (as Bascais)
  3. ↑ "Iban Zaldua: "El mercado no llega a todos los rincones. Entonces, bueno, hay que introducir la fantasía"", www.elsaltodiario.com (as Spáinnis)
  4. ↑ E-gorblog, "Azken garaipena" komikia, 2012ko Euskadi Literatura Sarien euskarazko haur eta gazte literaturazko lanik onenaren saria!
  5. ↑ E-gorblog, Beste sari bat "Azken garaipena"rentzat!
  6. ↑ Entzun aldizkaria, Azken garaipena

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]