Jump to content

Aughinish Alumina

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAughinish Alumina

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáleagraíocht
scaglann Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1983
Gníomhaíocht
TáirgeAlumina Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
OibreoirRusal (2006–) Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirRusal (2006–)
Oleg Deripaska Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinrusal.ru… Cuir in eagar ar Wikidata

LinkedIn: aughinish-alumina-ltd- Cuir in eagar ar Wikidata
Eachinis, Luimnigh
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálLeithinis Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceInbhear na Sionainne
Map
 52° 37′ 33″ N, 9° 03′ 45″ O / 52.6259°N,9.0625°W / 52.6259; -9.0625
ID GeoNames2966823
LinkedIn: aughinish-alumina-ltd-

Is é Aughinish Alumina (AA) an scaglann alúmana is mó san Eoraip agus an scaglann is mó de na saoráidí alúmana a oibríonn UC RUSAL. Sna 2020idí bhí AA ag soláthair na mílte tonna alúmanaim don Rúis le húsáid ina bhfeachtas cogaíochta in aghaidh na hÚcráine.[1][2]

Tógadh an mhonarcha i dtús na 1980idí agus bhí acmhainn tosaigh thart ar 800,000 tona in aghaidh na bliana ag AA agus 700 duine fostaithe ann. Iompórtálann AA báicsít ón Afraic Thiar agus ón mBrasaíl chun í a phróiseáil go halúmama, agus déantar é a easpórtáil ansin.

Bhí acmhainn bhliantúlaithe reatha na monarcha cothrom le 6.5 milliún tona lasta sna 2010idí. Áirítear air sin easpórtáil hiodráit alúmana trí Chalafort Fhainge. Faightear rochtain ar an tsaoráid trí phríomhbhóthar rochtana, trí Bhealach Náisiúnta an N69.[3]

Easportáileann AA alúmana chun na Rúise go háirithe. Líomhnaítear go n-úsáidtear an t-amhábhar seo i ndéantús arm do fhórsaí na Rúise atá i mbun cogaidh san Úcráin ó 2022.

Deir an comhlacht nach mbeidh ar a chumas leanacht air ag feidhmiú in Éirinn má chuirtear smachtbhannaí i bhfeidhm air.[4] Dúirt AA rgo ndúnfar an t-ionad má chuirtear cosc ar onnmhairiú alúmanaim chuig an Rúis. Dá dtarlódh sin, tá imní ann go mbeadh soláthairtí alúmanaim san Eoraip thíos go mór leis - go háirithe na hearnálacha déantúsaíochta gluaisteáin agus aeraspáis.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]