Atlántico (Roinn)
Atlántico | |
![]() | |
---|---|
Rialtas | |
Tír | An Cholóim |
Roinn | Atlántico |
Gobharnóir | Eduardo Verano de la Rosa |
Déimeagrafaic | |
Achar | 3,388 km² |
Daonra | 2,112,128 [1] |
Dlús daonra | 614.23/km²/km² |
www.atlantico.gov.co |
Ceann amháin de 32 Roinn (Spáinnis: Departamentos) atá roinnte go pholaitiúil i bPoblacht na Colóime, is ea an Roinn Atlántico. Tá sí suite ar chósta an Mhuir Chairib sa Cholóim, ar an bhruach thiar d'Abhainn Mhagdalena (Río Magdalena). Tá teorainneacha aici sa tuaisceart leis an Mhuir Chairib, sa deisceart agus san iarthar leis an Roinn Bolivar. Tá achar de 3,319 km ² agus daonra de 2,166,156 aici. Is í Barranquilla príomhchathair na Rinne.
Logainmníocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tugadh an t-ainm 'Roinn an Atlantaigh' uirthi toisc go bhfuil Muir Chairib ina theorainn thuaidh di.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Shíolraigh an daonra bundúchasach réamh-Easpáinneach ó dhá mór-theaghlach: na Cairibigh agus na hAruacaigh. Ba iad na Mocaná an treabh is suntasaí acu, agus bhí bhí siad scaipthe i réimsí áirithe agus, de réir na n-áiteanna ina raibh siad lonnaithe, iadsan a thug na logainmneacha do na réigiúin áirithe ar dtús báire, agus tá cuid mhaith díobh in úsáid fós, mar shampla Tubará, Usiacurí, Piojó, Galapa, Malambo agus Baranoa, idir eile.