Jump to content

Athrú aeráide in 2025

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAthrú aeráide in 2025
Cineálevents in a specific year or time period (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana2025 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí 2025 ar an tríú bliain ba theo riamh ar domhan ó tosaíodh ag coinneáil taifead.[1] Tháinig Donald Trump i gcumhacht i mí Eanáir, agus an mana "drill baby drill". Chuaigh an sceipteachas agus mífhaisnéis maidir leis an athrú aeráide i dtreis timpeall an domhain.

Is údar imní ardú ar theocht na mara, an t-oighearchreimeadh agus an creimeadh ar an muiroighear san Artach (thuas) agus Antartach.

Curiarrachtaí nua

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineadh curiarrachtaí ar fud an domhain le linn 2023-2025:

  • Bhí na trí bliana 2023-2023 an tréimhse trí bhliain ba theo riamh ar domhan ó tosaíodh ag coinneáil taifead.
  • Bhí an tréimhse 2023-2025 an chéad uair go raibh an teocht domhanda níos airde ná 1.5 céim trí bliana as a chéile.
  • Bhí meánteocht na cruinne os cionn 1.5 céim níos airde ná an mheánteocht a bhí ann idir na blianta 1850-1900, tráth a tosaíodh ag dó breoslaí iontaise as éadan agus ar bhonn tionsclaíoch.
  • Bhí an bhliain 2024 ba theo riamh ó cuireadh tús le taifid.[2]
  • Bhí an t-aon bhliain déag idir 2015-2025 ar an aon bhliain déag ba theo riamh i stair an domhain.

... de réir na seirbhíse Copernicus, a dhéanann anailís ar an athrú aeráide.[1]

2025: cuireadh cosc ar infheistiú in infreastruchtúr "glas".[3]
agóid FridaysForFuture i mBeirlín 2025-03-21

Insealbhaíodh Donald Trump mar Uachtarán na Stát Aontaithe den dara huair ar an 20 Eanáir 2025. In óráid a thug sé i dTeach na Comhdhála ar Chnoc an Chaipeatóil, mhaígh Trump go raibh éigeandáil náisiúnta fuinnimh ann agus thug sé le fios go rachfaí i muinín na mianadóireachta idir muir agus thír lena mhaolú. "Drill, baby, drill" an mana a bhí aige ina óráid.[4]

Bhí cead tugtha ag Trump do chomhlachtaí taiscéalaíochta ola agus gás a bhaint as tailte fairsinge gan mhilleadh in Alasca. Chuir sé maoiniú $300 billiún i dtaca le tionchar ar an gcomhshaol ar ceal ar an toirt; cuireadh cosc ar infheistiú in infreastruchtúr "glas".[3]

Reáchtáladh COP30 (Comhdháil na bPáirtithe 30) idir 10 Samhain - 21 Samhain 2024 i mBelém na Brasaíle, nó Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2025.[5] Ní raibh tagairt ar bith ann Doiciméad Clabhsúir faoi bhreoslaí iontaise ar nós gual, gás nádúrtha ná ola.[6]

Theip ar na hiarrachtaí teacht ar chomhaontú maidir le Conradh idirnáisiúnta i gcoinne truailliú plaisteach chomh maith.

Ag deireadh na bliana 2024, bhí an chuid is mó taighdeoirí ag súil go mbeadh 2025 beagán níos fuaire ná 2023 agus 2024, mar gheall ar El Niño 2023-2024. Ceapadh go mbeadh Eanáir 2025 níos fuaire ná Eanáir 2024 mar gheall ar theacht La Niña in áit El Niño. Ach a mhalairt ar fad a tharla agus bhris Eanáir 2025 taifead Eanáir 2024.[7]

Taifead aeráide aon uair amháin eile: bhí mí an Mhárta 2025 an Márta ba theo dár taifeadadh riamh san Eoraip (go dtí sin), dar le Copernicus[8][9] agus focal ar bith faoi ar tuairisc.ie nó rte.ie. I dtús mhí Aibreáin in Éirinn, bhí an aimsir "breá" brothallach fós. “In áiteanna éagsúla san Eoraip bhí an Márta ba thirime ann riamh, agus i gceantair eile bhí sé ar an mhí Márta ba fhliche le 47 mbliana,” arsa Coperncus.[10]

Bhí idir theaspach agus thriomach ar fud na tíre idir 8-11 Aibreán – teaspach de réir Met Éireann agus triomach de réir Uisce Éireann – agus an teocht chomh hard le 21.8 céim i gCaisleán na Deirge ar an 10 Aibreán.[11] Bhí Uisce Éireann ag achainí ar an bpobal a bheith spárálach agus uisce a chaomhnú.[12]

Bhí an teocht chomh hard le 29+ céim in áiteanna in Éirinn ar an 20-21 Meitheamh[13][14] agus bhí an samhradh thar a bheith brothallach. Maraíodh idir 800 agus 900 iasc in Abhainn Dhroichead Uí Dhálaigh in oirthuaisceart Loch Síleann i gCo an Chabháin. Bhí teocht an uisce ró-ard agus an leibhéal ocsaigine tuaslagtha ró-íseal ag an am ba chúis le marú na n-iasc.[15]

[16]

Aeráid agus tubaistí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhris falscaithe amach i Los Angeles agus sna ceantair máguaird ar chósta thiar na Stát Aontaithe i mí Eanáir 2025, Ba mhillteanach an tubaiste timpeallachta é.[17]

Ar an 28 Bealtaine 2025, bhí an sráidbhaile Blatten san Eilvéis scriosta tar éis intitim oighearshrutha. Toradh athrú aeráide an tubaiste seo, agus na oighearshruthanna agus talamh síorshioctha sa cheantar ag leá.

Príomhalt: Tubaiste Blatten

Ar an 21 Meitheamh 2025, bhí teocht os cionn 35 céim i réigiún Pháras, 38 céim in áiteanna, agus ar an 1 Iúil, 41c+

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-01-14). "2025 ar an tríú bliain ba theo riamh" (as ga-IE).
  2. Nuacht RTÉ (2025-01-10). "'2024 ba theo riamh'-Copernicus" (as ga-IE).
  3. 1 2 Amanda Chu, Jamie Smyth (2025-01-22). "Donald Trump halts more than $300bn in US green infrastructure funding". Financial Times. Dáta rochtana: 2025-01-22.
  4. Alex Hijmans (22 Eanáir 2025). "‘Drill baby, drill!’ – ré nua ar dhath na hola geallta ag Donald Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-22.
  5. Ciallaíonn COP ‘Comhdháil na bPáirtithe’ agus is ionann na ‘páirtithe’ agus an 197 náisiún a d’aontaigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i 1992.
  6. An Dr. Gearóid Ó Cuinn, stiúrthóir ar an eagraíocht GLAN. (2025-11-24). "Adhmhaidin / RnaG" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-11-26.
  7. Conradh na Gaeilge, Londain (8 Feabhra 2025). "Nuacht Mhall (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-02-08.
  8. Copernicus (2025-04-08). "Second-warmest March globally, large wet and dry anomalies in Europe". climate.copernicus.eu. Dáta rochtana: 2025-04-09.
  9. SEAANDJOB. "World’s Record-Breaking Heat Streak Extends Into March | Sea and Job" (en-US). Dáta rochtana: 2025-04-09.
  10. NÓS (2025-04-10). "Drochthuar d’aeráid an phláinéid é an t-ardú leanúnach teasa" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2025-04-15.
  11. "Highest temperature of the year reached as hay fever season continues" (en-GB). BBC Weather (2025-04-11). Dáta rochtana: 2025-04-15.
  12. Nuacht RTÉ (2025-04-09). "Teocht chomh hard le 20 céim inniu, 21 céim amárach" (as ga-IE).
  13. "NI weather: Mini heatwave ends with scattered showers to continue" (en-GB). BelfastTelegraph.co.uk (2025-06-22). Dáta rochtana: 2025-06-22.
  14. Nuacht RTÉ (2025-06-20). "Teaspach as cuimse geallta, athrú aeráide is cúis leis" (as ga-IE).
  15. Nuacht RTÉ (2025-09-29). "'Iascach Intíre Éireann leis an dlí a chur ar thruaillitheoirí'" (as ga-IE).
  16. "COP29 Azerbaijan - United Nations Climate Change Conference". cop29.az. Dáta rochtana: 2024-11-20.
  17. Samuel Granados, Nicholas Bogel-Burroughs, Soumya Karlamangla (2025-01-09). "How the Destruction in Los Angeles Ranks in California’s Fire History" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2025-01-10.