Athrú aeráide in 2024
| Cineál | events in a specific year or time period (en) | ||
|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 2024 | ||
Bhain na teochtaí ar fud an domhain na leibhéil is airde riamh amach le linn 2024. Mhaígh an tseirbhís Copernicus, a dhéanann anailís ar an athrú aeráide, gurbh í an bhliain 2024 ba theo riamh (go dtí sin) ó cuireadh tús le taifid.[1]




Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Reáchtáladh COP29 san Asarbaiseáin. Mhaígh uachtarán na tíre óstaí, an tUachtarán Ilham Aliyev, leis an chomhdháil aeráide gur “bronntanas Dé” iad an ola agus an gás. Rinne sé cáineadh ar “bhréagnuacht an Iarthair” faoi astaíochtaí na tíre, agus mhaígh nár cheart an locht a chur ar náisiúin, as stoc breoslaí iontaise a bheith acu.[4]
Toghadh Donald Trump mar Uachtarán na Stát Aontaithe in 2024. Mhaígh Trump go raibh éigeandáil náisiúnta fuinnimh ann agus thug sé le fios go rachfaí i muinín na mianadóireachta idir muir agus thír lena mhaolú. "Drill, baby, drill" an mana a bhí aige.[5]
Polasaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 19 Márta 2024, thug an tEagras Meitéareolaíochta Domhanda foláireamh go bhféadfadh an t-athrú aeráide an saol a chur trína chéile ar fad.[6] Má fhanann cúrsaí mar atá, deir na Náisiúin Aontaithe gur téamh 3 céim Celsius atá i ndán dúinn agus gur “tubaiste aeráide” an toradh a bheadh air sin. Deir lucht na heolaíochta go gcaithfidh tíortha imeacht ó bhreoslaí iontaise láithreach bonn má táthar chun an tubaiste a sheachaint.[7][8]
Aeráid agus tubaistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Dé Domhnaigh 21 Iúil 2024 ar an lá ba theo riamh ar fud an domhain ó cuireadh tús leis na taifid.[9][10] Ar an meán, bhí an teocht dhá mhéadar os cionn dhromchla an domhain chomh hard le 17.09 céim Celsius, .01C níb airde ná an teocht ab airde roimhe sin sa bhliain 2023.[11]
Gach mí ó bhí Meitheamh 2023 ann - trí mhí dhéag as a chéile - chuir Copernicus tuarascáil ar fáil go bhfuil gach mí ar an mí ba theo riamh ó cuireadh tús leis na taifid, i.e., bhí Márta 2024 ar an Márta ba theo riamh; bhí Aibreán 2024 ar an Aibreán ba theo riamh agus bhí Bealtaine 2024 ar an mBealtaine ba theo riamh agus mar sin de.
Tharla Tuilte sa Spáinn cúpla lá roimh COP29 i mí na Samhna. Chonaic pobal na hÉireann an damáiste uafásach a rinneadh i Valencia d'fhoirgneamh, d'infrastruchtúr, do thithe daoine agus an t-uafás ina dhiaidh. Bhí sé sé soiléir an tionchar diúltach ag athrú aeráide ar phobail timpeall an domhain ag an am.[12]
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé dearbhaithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) gur sceith Éire 54 milliún tonna de gháis ceaptha teasa sa bhliain 2024. Is ar éigean a bhí na hastaíochtaí ag titim. Feirmeacha a sceith 38% den tonnáiste sin; as feithiclí a tháinig 22%; an earnáil fuinnimh a bhí freagrach as 13%; agus as téamh foirgneamh a tháinig an 10% eile. Is ionann 54 milliún tonna agus deich dtonna in aghaidh gach duine sa tír.[13]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-10). "'2024 ba theo riamh'-Copernicus" (as ga-IE).
- ↑ "Maps". erccportal.jrc.ec.europa.eu. Dáta rochtana: 2025-06-02.
- ↑ "Global Climate Highlights 2024 | Copernicus" (en). climate.copernicus.eu. Dáta rochtana: 2025-06-02.
- ↑ Conradh na Gaeilge Londain (16 Samhain 2024). "Nuacht Mhall (Dún na nGall)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-11-21.
- ↑ Alex Hijmans (22 Eanáir 2025). "‘Drill baby, drill!’ – ré nua ar dhath na hola geallta ag Donald Trump" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-22.
- ↑ WMO (2024-03-15). "State of the Global Climate 2023" (en). World Meteorological Organization. Dáta rochtana: 2024-03-19.
- ↑ "‘Foláireamh Dearg’ faoin athrú aeráide fógartha ag áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-19). Dáta rochtana: 2024-03-20.
- ↑ "‘Foláireamh Dearg’ faoin athrú aeráide fógartha ag áisíneacht aimsire na Náisiún Aontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-19). Dáta rochtana: 2024-03-19.
- ↑ de réir eolais atá curtha ar fáil ag Seirbhís an Aontais Eorpaigh um Athrú Aeráide, Copernicus.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-07-23). "Domhnach 21 Iúil ar an lá ba theo riamh ó thús na dtaifead" (as ga-IE).
- ↑ Bhí stráicí móra de na Stáit Aontaithe, den Eoraip agus den Rúis buailte go trom ag tonnta teasa in 2024.
- ↑ RTÉ / agallamh le Deirdre de Búrca, Comhairleoir Neamhspleách Timpeallachta Deirdre de Búrca (2024-11-10). "Bhfuil Éireann réidh d'eachtraí adhaimsire aeráide?" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-07-04). "Laghdú beag ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in 2024" (as ga).