Gortú athstraidhneála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Athghortú)

Is éard atá i gceist le gortú athstraidhneála[1] (nó, níos simplí, athghortú[2] ) ná raon gortuithe d'fhíocháin bhoga de bharr gluaiseachta a dhéantar arís is arís eile, drochstaidiúire, nó struis iomarcaigh ar bhall den cholainn. Cuimsíonn sé teannánaíteas, siondróm an tolláin charpaigh a bhaineann leis an ordóg is an lámh, agus gortuithe áirithe spóirt cosúil le huillinn leadóige. Féadfaidh cuid díobh tarlú ag ionad oibre, le linn clóscríofa nó úsáid uirlisí, agus sa chás seo is féidir é a sheachaint le timpeallacht oiriúnach oibre, cosúil le suíocháin chuí is gan tasc a athdhéanamh rófhada gach lá.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “gortú athstraidhneála” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-13.
  2. 2.0 2.1 Hussey, Matt (2011). "Athghortú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 53.