Jump to content

Ateangaireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é a dhéanann ateangairí, nó an ateangaireacht, intinn an chainteora a chur i dtuiscint ó bhéal i dteanga eile.[1]

Tá dá chineál ateangaireachta ann:[2]

  • ateangaireacht leantach;
  • ateangaireacht chomhuaineach; ateangaireacht le linn don chainteoir a bheith ag caint.[3]

Ní féidir le duine ateangaireacht a dhéanamh go teanga mura bhfuil an teanga sin go huile agus hiomlán ar a thoil aige. Is é an rud is fearr an sprioctheanga a bheith ina máthairtheanga ag an ateangaire. Caithfidh ateangairí a bheith in ann eolas a phróiseáil go pras agus a gcuid cainte a dhéanamh gan mhoill, ar bhealach soiléir deaslabhartha réidh.[4]

Cumas bunriachtanach san ateangaireacht is ea cumas tuisceana. Ní féidir le duine brí óráide a chur in iúl i gceart i dteanga eile mura dtuigeann sé go beacht í sa bhunteanga. Sin é an chúis nach mór sáreolas ar an mbunteanga, tréanchumas anailíse agus eolas éigin ar an ábhar i dtrácht a bheith ag an ateangaire.

Ní leor an tuiscint féin, áfach. Caithfidh ateangairí a bheith in ann an t-eolas sin a chur in iúl go cruinn deaslabhartha i dteanga eile sa chaoi is go dtuigfidh an lucht éisteachta é. Caithfidh sé a bheith in ann an tsainréim teanga a thoghadh de réir mar a oireann, is cuma cé acu óráid (caint) atá ann.[4]

Aistriúchán agus ateangaireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí sin duine a mheasann gurb ionann an t-aistriúchán agus an ateangaireacht, ach ní hionann. Is leis an bhfocal scríofa a bhíonn an t-aistritheoir ag plé, agus is leis an bhfocal labhartha a bhíonn an t-ateangaire ag plé. Is é is cúram don aistritheoir téacs a scríobh a thugann brí agus ábhar an bhundoiciméid leis go cruinn agus atá soiléir agus ceart ó thaobh na gramadaí de. Is éard is dea-aistriúchán ann téacs nach bhfuil an chuma air gur aistriúchán é. I roinnt mhaith cásanna, an reachtaíocht, mar shampla, is téacs “údarásach” an t-aistriúchán, i.e. tá an fheidhm chéanna dhlíthiúil leis agus atá leis an mbuntéacs. I bpíosa dílis aistriúcháin nó ateangaireachta léirítear ní hamháin intinn an údair nó an chainteora, ach stíl agus sainréim na teanga a úsáideadh freisin.

Is é a dhéanann ateangairí intinn an chainteora a chur i dtuiscint ó bhéal i dteanga eile. Murab ionann is aistritheoirí, is gnách gur féidir leis an gcustaiméir an t-ateangaire a fheiceáil. Fágann obair an ateangaire gur féidir cumarsáid ó bhéal duine le duine a dhéanamh. Is sa chéad phearsa a labhraíonn ateangairí; tá siad mar a bheadh glór an chainteora ann. Cuireann siad smaointe agus tuairimí an chainteora in iúl gan déine ná mionbhríonna na cainte sin a athrú agus gan a mbarúil ná a ndearcadh féin a chur léi. Ní mór don ateangaire agus don aistritheoir araon an uile mhionbhrí atá leis an mbunteanga a thuiscint ionas go mbeidh siad in ann, a oiread is féidir é, iad a chur in iúl ar dhóigh dhílis nádúrtha sa sprioctheanga. Chuige sin, tá ardscileanna scríbhneoireachta ag teastáil freisin, agus ní foláir a bheith in ann smaoineamh go han-tapa.

Cé go bhfuil go leor cosúlachtaí idir an t-aistriúchán agus an ateangaireacht, is gairmeacha beatha ar leith iad a bhfuil scileanna éagsúla agus oiliúint éagsúil ag teastáil lena n-aghaidh. An té atá go maith chun na hateangaireachta, ní gá go bhfuil sé go maith chun an aistriúcháin, agus a mhalairt.[4]

Mo Chara

Sa bhliain 2025, ceapadh Susan Folan chun ateangaireacht a chur ar fáil do chás Liam Óg Uí Annaidh (Mo Chara) i gCúirt Dúiche Westminster. D’iarr Ó hAnnaidh go gcuirfí ateangaire ar fáil chun a chás a éisteacht i nGaeilge.

Chuir Folan aistriúchán Gaeilge focal ar fhocal ar fáil d’Ó hAnnaidh, chomh maith le soiléiriú a thabhairt dó ó am go chéile, an chéad uair gur cuireadh ateangaire ar fáil chun cás a éisteacht i nGaeilge i Sasana.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. tairseachcogg.ie. "Aistriúchán agus Ateangaireacht". Dáta rochtana: 2025.
  2. "MA (Ateangaireacht Chomhdhála) - University of Galway". www.acadamh.ie. Dáta rochtana: 2025-08-26.
  3. go minic, "mibríonn an t-ateangaire i mboth fhuaimdhíonta le comhghleacaí amháin ar a laghad. Labhraíonn an cainteoir sa seomra cruinnithe isteach i micreafón, faigheann an t-ateangaire an fhuaim trí chluasáin agus tugann an teachtaireacht isteach i micreafón go comhuaineach nach mór. Roghnaíonn an toscaire sa seomra cruinnithe an cainéal cuí chun an ateangaireacht a chloisteáil sa teanga a roghnaíonn seisean nó sise."
  4. 1 2 3 careersportal.ie. "An t-aistriúchán agus an ateangaireacht: Teangacha in úsáid". Dáta rochtana: 2025.
  5. Darren Ó Dubhgáin (26 Lúnasa 2025). "‘Tá míthuiscint i gcónaí ann faoin gceird agus faoin dátheangachas’ – an t-ateangaire Gaeilge i gcás cúirte ‘Mo Chara’ ó Kneecap" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-26.