Astaíocht leictreamaighnéadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Astaíocht leictreamaighnéadach

Bíonn réimsí leictreacha is maighnéadacha forleathan i saol an lae inniu. Gach uair a ritheann sruth leictreach i ngléas ar bith (línte tarchuir, trasfhoirmeoirí, scáileán teilifíse nó aon ghléas teaghlaigh leictreach), de bhrí gur sruthanna ailtéarnacha (SA) ar mhinicíocht 50 Hz a bhíonn in úsáid sa teaghlach (60 Hz sna Stáit Aontaithe), réimsí den mhinicíocht seo a bhíonn sa timpeallacht den chuid is mó. Bíonn minicíochtaí níos mó, is i bhfad níos mó, á tharchur ag mótair leictreacha (suas go dtí na mílte heirts, kHz) agus ag stáisiúin raidió is teilifíse (na céadta kHz, is fiú na milliúin heirts, MHz). Sa chomhthéacs seo, tugtar minicíocht fhíoríseal ar 50 Hz. Iompraíonn na réimsí athraitheacha seo fuinneamh leictreamaighnéadach i bhfoirm toinne, agus tugtar déine na toinne ar an oiread fuinnimh in aghaidh an tsoicind a fhorleathann trí mhéadar cearnach san aer. Laghdaíonn déine na dtonnta seo i gcomhréir leis an bhfad amach ó na sreanga sruthiompartha ar a laghad. Taistealaíonn na tonnta leictreamaighnéadacha ísealmhinicíochta go héasca trí fhíocháin na colainne, agus is féidir leo sruthanna leictreacha a spreagadh sna fíocháin. Ag minicíocht chomh híseal le 50 Hz is na déiní a fhaightear gar do chonduchtóirí ardteannais, ní fiú an téamh a tharlaíonn sna fíocháin a áireamh, agus is imoibriú ar a dtugtar leictreaspreagadh is mó a tharlaíonn. Ach is lú déine na réimse maighnéadaí agus na réimse leictrí sna fíocháin de bharr an nochta seo ná na déiní logánta sa cholainn de bharr bithleictreachas na hinchinne nó an chroí féin. Níl aon eolas, mar sin, ar aon imoibriú tairseachúil a fhéadfaidh tús a chur le drochthoradh sna fíocháin. Mar sin féin tá imní fhorleathan ann, fiú i measc eolaithe is teicneolaithe, go dtarlaíonn a leithéid de dhrochthorthaí — ailse, míchumthaí breithe is eile — de bharr nochtadh fadtréimhseach do na réimsí leictreamaighnéadacha 50/60 Hz, agus tá na húdaráis ag monatóiriú an scéil is ag déanamh taighde air an t-am ar fad.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Astaíocht leictreamaighnéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 50.