Arthur Cox (dlíodóir)
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1891 |
| Bás | 12 Meitheamh 1965 73/74 bliana d'aois |
| Seanadóir na hÉireann | |
| 22 Iúil 1954 – 28 Márta 1957 Téarma parlaiminte: 8ú Seanad Éireann Toghcheantar: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Belvedere |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir |
Ba dhlíodóir, seanadóir agus sagart é Arthur Cox (1891-1965).
Rugadh é ar an 25ú Iúil 1891 i mBaile Átha Cliath. Ba dhochtúir leighis é a athair, Michael Cox, agus Elizabeth Cox (Ní Nualláin) ab ainm dá mháthair.
Rinne sé staidéar i gColáiste Belvedere agus sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit ar bhain sé céim amach sa bhliain 1913. Le linn dó a bheith ina mhac léinn ansin, bhí sé ina Reachtaire ar an gCumann Litríochta agus Staire idir 1912 agus 1913. Chuir sé aithne ar roinnt mhaith daoine an uair sin a leanfadh ar aghaidh chun rólanna ceannais a ghlacadh sa Saorstát.
Ó 1915 ar aghaidh, bhí sé ina dhlíodóir agus i 1920 bhunaigh sé an comhlacht dlí Arthur Cox.
Bhí sé ar cheann den 11 Seanadóir a roghnaíonn an Taoiseach san 8ú Seanad.
Sa bhliain 1940, do phós sé Brigid O'Higgins (née Cole), ba í Bridget baintreach a charad, Kevin O’Higgins. Cailleadh í i 1961.
Oirdníodh é amr shagart i 1963, ach do cailleadh é i dtimpiste bóthair i 1965 sa tSaimbia agus é ag obair ann mar mhisinéir.
Naisc sheachracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |