Ardach, Contae Luimnigh
| Suíomh | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| |||||
| Stát ceannasach | Éire | ||||
| Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | ||||
| Contae in Éirinn | Contae Luimnigh | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 273 (2022) | ||||
| • Dlús | 682.5 hab./km² | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Achar dromchla | 0.4 km² | ||||
| Airde | 80 m | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Cód poist | V42 | ||||
| Logainm.ie | 31638 | ||||
Is baile fearainn, sráidbhaile, agus paróiste sibhialta i gContae Luimnigh é Ardach. Tá an sráidbhaile suite ag acomhal na mbóithre R523 agus R521. Is é an Caisleán Nua an baile is gaire, 5 km (3 mhíle) ó dheas. Is í Scoil Náisiúnta Naomh Molua an bhunscoil áitiúil. Is é Naomh Ciarán an cumann áitiúil CLG; tagann a chuid ballraíochta ó na paróistí Ardach-Carraig Chiarraí agus Cúil Cheapach-Cill Cholmáin.
Stair agus seandálaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar an 5 Márta 1867, le linn Éirí Amach na bhFíníní, rinne lucht tacaíochta na bhFíníní iarracht beairic áitiúil Chonstáblacht Ríoga na hÉireann a ghabháil. Ba é an siúinéir áitiúil William Upton a bhí i gceannas ar an ionsaí. Níor éirigh leo, agus gabhadh go leor de na Fíníní ina dhiaidh sin, cé gur éalaigh Upton féin go Meiriceá sa deireadh.[1]
Sa bhliain 1868, thángthas ar Thaisce Ardach, bailiúchán déantán ársa lena n-áirítear Cailís Ardach ón 8ú haois, i ráth an Riaráiste i ngar d'Ardach. Tá an chailís in Ard-Mhúsaem na hÉireann i mBaile Átha Cliath anois.[2]
Daoine
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bhí cónaí ar William Smith O’Brien, náisiúnaí Éireannach agus ceannaire ar Éire Óg, i dTeach Chathair Maothail, míle amháin ó Ardach.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Fenian Uprising - Ardagh, Co Limerick”. Clan Magner Association. Dáta rochtana: 2 May 2015.
- ↑ “The Ardagh Chalice”. National Museum of Ireland. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 June 2015. Dáta rochtana: 2 May 2015.
- ↑ “Estate: O'Brien (Cahermoyle)”. NUI Galway. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 August 2014. Dáta rochtana: 2 May 2015.
