Ar Son na Cúise (sraith teilifíse)
Cuma
| Tír | Éire |
|---|---|
| Bunteanga | an Ghaeilge |
| Bealach teilifíse | TG4 |
| An chéad eipeasóid | 2026 |
Sraith teilifíse ar TG4 is ea Ar Son na Cúise ina dtugann na dlúthchairde Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Mánais, laochra agallamh beirte an Oireachtais, faoi chamchuairt shiamsúil agus iad sa tóir ar chomhluadar, greann agus craic.[1]
Feicfear an spórt a bhíonn ag Joe agus Ray le chéile fad a bhíonn siad ag iarraidh blaiseadh de ghreann na Gaeltachta a fháil, an greann céanna a thug spreagadh dóibh tabhairt faoin stáitse de chéad uair ag Oireachtas na Gaeilge beagnach 40 bliain ó shin. Castar seanchairde agus cairde nua orthu chomh maith le siamsóirí éagsúla.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol teilifíse é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |