Aos eagna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is aicme ardstádais é an t-aos eagna (Polainnis: inteligencja; Rúisis: intelligentsiya; Béarla: intelligentsia) a chuimsíonn daoine léannta — scoláirí, acadóirí, múinteoirí, iriseoirí, agus scríbhneoirí — a dhéanann obair intleachtúil chun dul i ngleic le cúrsaí polaitíochta agus cultúrtha sa tsochaí ina maireann siad.[1][2]

Tháinig an coincheap chun cinn ag deireadh an 18ú haois, le linn Deighiltí na Polainne (1772–1795). Ba é an t-intleachtóir Polannach Bronisław Trentowski (1808–1869) a cheap an téarma inteligencja mar chur síos ar an aicme shóisialta laistigh den bourgeoisie tírghrách a thug ceannaireacht mhorálta agus pholaitiúil do phobal na Polainne in aghaidh chinseal cultúrtha Impireacht na Rúise.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Williams (1983). "Keywords: A Vocabulary of Culture and Society" (Revised ed.). 
  2. Kizwalter (October 2009). "The History of the Polish Intelligentsia" (PDF file, direct download). Acta Poloniae Historica: 241–242. ISSN 0001-6829. Dáta rochtana: 16 December 2013. “Jerzy Jedlicki (ed.), Dzieje inteligencji polskiej do roku 1918 [The History of the Polish Intelligentsia until 1918]; and: Maciej Janowski, Narodziny inteligencji, 1750–1831 [The Rise of the Intelligentsia, 1750–1831].” 
  3. Billington. "Fire in the Minds of Men". ISBN 978-0-7658-0471-6.