Jump to content

Aontas an Iarthair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAontas an Iarthair
Flag of the Western Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcomhaontas míleata
eagraíocht idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh17 Márta 1948
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte3 Deireadh Fómhair 1954 Cuir in eagar ar Wikidata

17 Márta 1948Conradh na Bruiséile Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Ba chomhaontas míleata é Aontas an Iarthar (AI) (Béarla: Western Union (WU)), aitheanta fosta mar Eagraíocht Chonradh na Bruiséile),[1] bunaithe sa bhliain 1948 idir an Fhrainc, an Ríocht Aontaithe (RA) agus na trí tíortha Benelux (an Bheilg, an Ísiltír, Lucsamburg), chun Conradh na Bruiséile a chur i bhfeidhm.[n 1] Faoin gConradh úd, d'aontaigh na "cúig cumhachtaí" oibriú in éineacht le chéile i réimse cosanta, maraon le réimsí polaitiúil, eacnamaíochta agus cultúrtha. Is réamhtheachtaí é an tAontas d'Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT / NATO) agus Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) an Aontais Eorpaigh (AE).

Le linn Chogadh na Cóiré (1950–1953), aistríodh ceanncheathrú, foireann agus pleananna Eagraíocht Cosanta Aontas an Iarthair (ECAI / WUDO) go dtí ECAT, faoi cheannas Ard-Cheanncheathrú na gCumhachtaí Comhghuaillíocha san Eoraip (ACCCE). Nuair a theip ar an gComhphobal Eorpach Cosanta sa bhliain 1954, d'fhorbair Aontas an Iarthair go hAontas Iarthar na hEorpa (AIE) trí Comhdhálacha Londan agus Pháras agus Conradh Leasaithe na Bruiséile. Tháinig chun maith an Iodáil agus an Ghearmáin Thiar san Aontas isteach.

  1. Cé nach deirtear sa Chonradh go mercy ach 'comhar' idir na páirtithe, i ndairíre glaoitear Aontas air.
  1. "BBC Politics 97". bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-05-14.