Aontas (scannán)
| Buneolas | |
|---|---|
| Stiúrthóir | Damian McCann |
| Príomhcharachtair | |
| Léiriú | Órflaith Ní Chearnaigh |
| Script | Damian McCann agus Sarah Gordon |
| Mionsonraí | |
| Tír bhunaidh | Éire |
| Céadléiriú | 2025 |
| Bunteanga | an Ghaeilge |
| Cur síos | |
| Seánra | heist film (en) |
Is scannán é Aontas faoi thriúr ban ag teacht le chéile chun comhar creidmheasa a robáil. Is dé réir a chéile a fhaigheann an lucht féachana amach na fórsaí a bhrúigh gach duine acu i dtreo na coiriúlachta. Damian McCann agus Sarah Gordon a scríobh é agus McCann a stiúraigh.[1][2] Is é an chéad fhadscannán ón gcomhlacht Púca Pictures.[3][4]
Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní leanann Aontas gnáth-mhúnla na scannán gadaíochta ach cuirtear tús leis an scéil agus an robáil críochnaithe agus téitear siar in am go bhfeictear an méid a tharla roimhe sin. Chinn na scríbhneoirí ar an múnla seo ar mhaithe le haird an lucht féachana a dhíriú ar "na carachtair neamhfhoirfe chasta seo, le tuiscint agus comhbhá, ag cuimhniú nach bhfuil rud ar bith dubh agus bán."[2]
Scéal lán castaí atá ann agus is de réir a chéile a thuigeann an lucht féachana cúinsí na gcarachtar agus na fáthanna ar shocraigh siad ar an mbeart seo. Dar le The Irish News, tá Aontas "mar a bheadh bábóg Rúiseach ann, scéal taobh istigh de scéal eile taobh istigh de scéal arís eile agus mar sin de".[1]
Ó thaobh stíle de, "cruthaíonn an ceol agus bogadh an cheamara atmaisféar bagrach agus tuigeann tú go bhfuil na mná seo lándáiríre, inchurtha ag uafás ar bith." Mar sin féin, tá greann ann chomh maith.[1]
Cliar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar na haisteoirí atá le feiceáil in Aontas tá Carrie Crowley (An Cailín Ciúin), Bríd Brennan (Doineann), Eva-Jane Gaffney (Small Things Like These), Seán T. Ó Meallaigh (Doineann), Marcus Lamb (Rebellion).[2][1]
Chum an ceoltóir agus cumadóir Daithí (Christy, Lakelands) fuaimrian Aontas, ceol tuineanta sintéiseora "a chuir le luas agus atmaisféar" an scannáin.[2]
Ba iad Damian McCann agus Sarah Gordon a scríobh an script dá gcomhlacht Púca Films agus is é an dara scannán Gaeilge a stiúraigh McCann, tar éis Doineann a eisíodh in 2021. Órflaith Ní Chearnaigh a bhí ina léiritheoir air agus ba í Sorcha Nic Giolla Mhuire eagarthóir an scannáin. Mar léiritheoirí feidhmiúcháin bhí Máire Ní Chonláinn ó TG4, Karen Kirby ó BBC Gaeilge, Áine Walsh ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge.[1][2]
Glacadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuaigh Aontas ‘Scannán na Bliana’ 2025 ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mBéal Feirste.[2][5]
Ghnóthaigh an scannán sé ainmniúchán ag gradaim IFTA 2026: "Scannán na Bliana", "Script na Bliana", "Aisteoir Mná na Bliana" (Carrie Crowley), "Aisteoir Tacaíochta" (Seán T. Ó Meallaigh agus Bríd Brennan) agus fuaimrian nuachumtha.[6][7]
Fuair an scannán lucht féachana i mbreis agus 30 féile idirnáisiúnta sa tSín, i Meiriceá, sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus in Éirinn.[2]
Is é Aontas an scannán a d'ainmnigh Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann le haghaidh ghradam Oscar sa bhliain 2026 sa chatagóir "Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr".[8]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Léirmheas san Irish News: "Beidh an pobal agus criticeoirí ar aon intinn faoi Aontas"
- Agallamh ar An Cúinne Dána (RnaG): "Aontas"
- Agallamh ar Raidió na Life: "Scannán Heist as Gaeilge"
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 5 Robert McMillen (2025-02-07). "Beidh an pobal agus criticeoirí ar aon intinn faoi Aontas". The Irish News. Dáta rochtana: 2025-11-01.
- 1 2 3 4 5 6 7 Eilís Nic Lochlainn (2025-10-30). "“Ní mar a shíltear a bhítear” — scannán úr Gaeilge ‘Aontas’ le taispeáint i mBéal Feirste ar Oíche Shamhna". NÓS. Dáta rochtana: 2025-11-01.[nasc briste go buan]
- ↑ "AONTAS" (13 Márta 2026). An Páipéar (71). Curtha i gcartlann 2026-04-21 ar an Wayback Machine
- ↑ "Tá Aontas mar rogha na hÉireann do na Oscars". Seachtain (2026-09-02). Dáta rochtana: 2026-09-05.
- ↑ Conor Torbóid (2025-10-30). "Agallamh le hÁine Walsh ar éacht an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag na Gradaim Chumarsáide". NÓS. Dáta rochtana: 2025-11-01.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (2026-01-20). "11 ainmniúchán ag scannáin agus cláir theilifíse Ghaeilge ag Gradam Scannán agus Teilifíse na hÉireann". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-13.
- ↑ Bridget Bhreathnach (2026-02-03). "‘Níl tú ag iarraidh cartún a dhéanamh as, ach tá tú ag iarraidh craic a bhaint as’". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-13.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (2026-08-28). "Scannán Gaeilge eile curtha chun cinn le dul san iomaíocht do ghradam Oscar". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-10-09.