Aonocsaíd Sulfair
Substaint cheimiceach | comhdhúil cheimiceach agus aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 47.967 Da |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | OS |
![]() | |
SMILES canónta | Model 2D O=S |
InChI | Model 3D |
Comhdhúil neamhorgánach le foirmle SO is ea Aonocsaíd sulfair. Ní bíonn sí ar fáil ach amháin mar chéim de chaolghás. Nuair a bhíonn sí tiubhaithe nó comhdhlúite, athraíonn sí go dtí S2O2 (déshulfair dé-ocsaíd). D'aimsíodh í sa spás, ach ab é sin, is annamh a chastar uirthi slán.
Struchtúr agus nascadh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bíonn bunstaid thripléadach ag an mhóilín SO cosúil le O2, i.e. bíonn dhá leictreon neamhphéireáilte ag gach móilín. Is ionann nascfhad an S-O 148.1 agus na nascfhaid sin a fhaightear sna mbunocsaídí sulfair (e.g. S8O, S−O = 148 pm) ach níos faide ná an nasc S-O gásach S2O (146 pm). Flosctar an móilín le radaíocht neas-infridhearg go dtí an staid shingléadach (gan aon leictreoin neamhphéireáilte). Creidtear go mbíonn an staid shingléadach níos imoibríoch ná bhunstaid, ar an mbealach céanna is a mbíonn ocsaigin shingléadach níos imoibríoch ná ocsaigin thripléadach.
Táirgeadh agus imoibrithe[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bíonn táirgeadh SO mar imoibrí, tré na sintéise orgánaí, bunaithe ar úsáid na gcomhdhúile a "easbhrúann amach" SO. Mar shampla, dianscaoileadh an mhóilín mheasartha shimplí tíaráin 1-ocsaíd: chomh maith le samplaí níos casta, cosúil le ocsaíd tríshuilfíde, C10H6S3O
- C2H4OS → C2H4 + SO
Bíonn an móilín SO éagobhsaí go teirmidinimiciúil, ag tiontú ar dtús go dtí S2O2. Ionsánn SO isteach sna hailcéiní, sna hailcíní agus sna dhé-éiní ag tairgeadh móilíní le fáinní tríbhallánach le sulfair iontu.