Aonad leithlise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aonad leithlise

Ionad a dheartar chun othair an-ionfhabhtaitheacha a choinneáil ann, amach ó dhaoine eile, nó chun daoine atá an-chlaonta chun ionfhabhtuithe a choinneáil amach ó dhaoine ab fhéidir a ghalrú. Bíonn smacht daingean ar dhul isteach is amach as an aonad chun cosc a chur ar iompar ábhar truaillithe. Bíonn ar na daoine a théann isteach nó amach gúnaí steirilithe cosanta a chaitheamh. Rialaítear sreabhadh an aeir isteach is amach chun cosc a chur ar thruailliú le miocrorgánaigh ar eite.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Aonad leithlise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 43.