Jump to content

Aonach Greannán Getxo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cluichí rólghlactha i 2005.

Bunaíodh Aonach Greannán agus Manga Getxo (i mBascais: Getxoko Komiki eta Manga Azoka; i Spáinnis: Salón del Cómic y Manga de Getxo) sa bhliain 2002 agus b'é an t-aon cheann i dTír na mBascach go dtí le déanaí. Go deimhin, is iadsan a d'eagraigh an chéad aonach in Irun [eu] sa bhliain 2008.

Bíonn aonach Getxo ar siúl i gcearnóg stáisiún meitreo Areeta.

Foilsitheoirí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Norma Editorial [ca] agus Ediciones B [ca] i measc na bhfoilsitheoirí is tábhachtaí ag leibhéal an stáit agus bíonn áit acu ag an aonach seo de chuid Bizkaia. Mar an gcéanna, bíonn seastán ag Astiberri [eu], an príomhfhoilsitheoir Bascach, ann freisin.

Údair Bhascacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Kini, Ata agus Abarrots timpeall an bhoird in 2007.

Is iad Patxi Gallego [eu], Zaldieroa [eu], Asisko Urmeneta [eu], Antton Olariaga [eu], Raquel Alzate [eu], Dani Fano [eu], Iñaki G. Holgado [eu], Manu Ortega [eu] agus Javier de Isusi [eu] na príomhúdair Bhascacha a dhéanann saothair i mBascais agus sa Spáinnis araon faoi láthair, agus tá siad ag teacht i láthair ag aonach Getxo leis na blianta.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Xabiroi
  • Aonach Greannán Angoulême
  • Aonach Greannán Barcelona

Nascanna amach

[cuir in eagar | athraigh foinse]