Jump to content

Aon Scéal? (caifé)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAon Scéal?
Sonraí
Cineálcaifé
bialann Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2019
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Cuid deGaelphobal Thamhlachta


Facebook: Caf%C3%A9-Aon-Sc%C3%A9al/100057454209089 X: Aonscealcafe Instagram: aonscealcafe Cuir in eagar ar Wikidata

Is caifé é Aon Scéal? ar an mBóthar Mór i sráidbhaile Thamhlachta.[1][2]caife maith agus bia blasta le fáil ann agus is mol sóisialta sa cheantar é, áit a thugann an comhluadar réchúiseach fáilteach spreagadh do dhaoine leas a bhaint as pé méid Ghaeilge atá acu.[3][1][4][5] Bíonn sé ar oscailt gach lá den tseachtain agus bíonn imeachtaí ar siúl ann.[6][7]

Tá spás do suas le 30 duine sa chaifé, a d'oscail an grúpa áitiúil Gaelphobal Thamhlachta sa bhliain 2019. Ba í Dawn Nic Íomhair bainisteoir an chaifé nuair a bunaíodh é agus ar feadh tamaill de bhlianta ina dhiaidh sin.[8][3][4] Faoin mbliain 2022 bhí ochtar ar an bhfoireann agus tugann sé sealanna taithí oibre do scoláirí meánscoile.[3][9]

Ghnóthaigh Aon Scéal? gradam ón gCrannchur Náisiúnta sa bhliain 2021 as an obair atá ar siúl acu sa cheantar. Chuir cuid den mhaoiniú a ghabh leis an ngradam ar a gcumas do le lucht an chaifé láthair shuí amuigh faoin spéir a fhorbairt ag cúl an fhoirgnimh.[10][2]

Bhronn an grúpa pobail deonach Comhairle Pobal Thamhlachta teastas buíochais ar Nic Íomhair, bainisteoir bunaidh an chaifé, sa bhliain 2021 i ngeall ar an dea-thionchar atá an caifé ag imirt ar shaol an phobail áitiúil.[3]

Ghnóthaigh Aon Scéal? trí bhonn óir ag Gradaim Gnó na hÉireann 2022 as a gcuid comharthaíochta, as a gcuid margaíochta agus brandála agus as an seirbhís i nGaeilge a chuireann siad ar fáil.[9]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Mary Dennehy (2022-12-16). "Local Faces: Daithí Mac Gabhann" (en). Echo. Dáta rochtana: 2025-07-22.
  2. 2.0 2.1 Mary Dennehy (2021-06-03). "Boost for Gaelphobal Thamhlachta after receiving €10,000 National Lottery Good Causes Award" (en). Echo. Dáta rochtana: 2025-07-22.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Aideen O'Flaherty (2021-11-26). "Café Aon Scéal ‘very proud’ of Appreciation Cert from TCC" (en). Echo. Dáta rochtana: 2025-07-22.
  4. 4.0 4.1 Aideen O'Flaherty (2020-07-23). "Cafe appealing for two stolen hanging baskets to be replaced" (en). Echo. Dáta rochtana: 2025-07-22.
  5. "Clár nua 'Cruthaigh!' seolta ag 4 údaráis áitiúla BÁC" (11 Márta 2025). Dáta rochtana: 22 Iúil 2025.
  6. "Lár-Ionad Ghaelphobal Thamhlachta". Conradh na Gaeilge. Dáta rochtana: 2025-07-22.
  7. "15 imeachtaí to check out i rith Seachtain na Gaeilge" (10 Márta 2024). Dáta rochtana: 22 Iúil 2025.
  8. "Caifé Gaelach 'nach mór le réidh le n-oscailt' i dTamhlacht". NÓS (2019-06-13). Dáta rochtana: 2025-07-22.
  9. 9.0 9.1 Mary Dennehy (2022-11-21). "Cafe Aon Scéal win gold award for promoting Irish language" (en). Echo. Dáta rochtana: 2025-07-22.
  10. "Gradam bronnta ag an gCrannchur Náisiúnta ar ghrúpa pobail i mBaile Átha Cliath". Tuairisc.ie (2021-06-04). Dáta rochtana: 2025-07-22.