Jump to content

Aoife Mairéad Nic Dhonncha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is file agus ceoltóir dátheangach déghnéasach í Aoife Mairéad Nic Dhonncha atá ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath. Is as Contae Chill Dara ó dhúchas í. Casann sí ceol leis an ngrúpa punc-ealaíona Alien She agus léi féin mar Sheara Hale. Tá filíocht á scríobh aici ó bhí sí 6 bliana d’aois. Tá Duais Uí Fhlatharta (Comhar) san fhilíocht buaite aici. Foilsíodh a cuid scríbhneoireacht in Pride Poets: An LGBTQ+ Anthology, Comhar, This is not Where I Belong agus Pegged. Tá spéis aici i bhfochultúir, mionteangacha agus an tsíceolaíocht.