Aogán Ó Muircheartaigh
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1948 Dún Chaoin, Éire |
| Bás | 26 Bealtaine 2025 76/77 bliana d'aois |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | craoltóir, scríbhneoir, file, aistritheoir |
| Fostóir | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
| Teangacha | An Ghaeilge |

File, scríbhneoir agus iarchaoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta as Dún Chaoin ba ea Aogán Ó Muircheartaigh (1948 - 26 Bealtaine 2025).[1][2][3][4] Bhí cáil na filíochta, na scríbhneoireachta, na haistritheoireachta agus na heagarthóireachta air. Bhí cruinneas, cumas agus cur amach ar chanúintí na Gaeilge luaite go láidir leis chomh maith.
Bhí cónaí air ar an gCeathrúin i nDún Chaoin,
Raidió na Gaeltachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Le Raidió na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne a chaith Aogán Ó Muircheartaigh formhór a shaoil oibre nó gur éirigh sé as in 2009. Bhí Aogán Ó Muircheartaigh lonnaithe i stiúideo RnaG i mBaile na nGall ar feadh na mblianta agus chaith sé scaitheamh ina bhainisteoir réigiúin leis. D’fhág soilbhre, cruinneas agus géarchúis a shaothair raidió go raibh ardmheas air mar chraoltóir. Ar na cláracha a raibh baint aige leo bhí An Saol Ó Dheas, Peann agus Pár, Siosmaid agus Focal Clóite.
Mar oifigeach réigiúin bhí sé lárnach chomh maith i mbunú agus forbairt sceideal na maidine ar RnaG i lár na n-ochtóidí. Bhí sé de theist air chomh maith go gcuirfeadh sé comhairle a leasa ar chraoltóirí agus scríbhneoirí óga, go háirithe i dtaobh tábhacht an fhocail agus an chruinnis mar bhunchloch na craoltóireachta agus na scríbhneoireachta.[3]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuaigh sé duais Sheáin Uí Ríordáin as a chnuasach filíochta Oíche Ghréine ag Oireachtas na Gaeilge i 1987. Ar na cnuasaigh filíochta leis bhí , Drúcht ar Chneas (1992) agus Athbheatha (2002). Bhain an sárchnuasach deireanach uaidh, Os Cionn Talún, a foilsíodh in 2015, le drochbhabhta tinnis a d’fhulaing sé nuair a theip ar a ae.
Athinsint ar na seanscéalta a bhí ar thrí leabhar tábhachtach eile leis: Táin Bó Cuailgne (1992), Cath Fionntrá (1994) agus Diarmaid agus Gráinne (2001).[3]

Aistritheoir agus eagarthóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí éagsúlacht mhór ag baint lena shaothar mar aistritheoir agus eagarthóir. Saothar tábhachtach léinn leis is ea an leabhar Oidhreacht an Bhlascaoid, cnuasach aistí in eagar ag Aogán Ó Muircheartaigh (Coiscéim, 1989).[5] Bhí sé tamall ina eagarthóir ar an iris Feasta.
Ar na leabhair a d’aistrigh sé bhí scéalta do dhaoine óga le Valentin Katayev agus Boris Zakhoder, saothar filíochta le Mícheál Fanning, an dochtúir ón nDaingean a bhí ina chara mór aige, agus saothar le Kristiina Ehin, scríbhneoir ón Eastóin. In Catullus Gaelach dhein sé leaganacha nua de cheithre cinn de dhánta Laidine Catullus.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Death Notice of Aogán Ó Muircheartaigh (Kerry) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2025-05-26.
- ↑ An Saol ó Dheas / RnaG (26 Bealtaine 2025). "Ómós á thabhairt don iar-bhainisteoir réigiúnach do Ráidió na Gaeltachta atá imithe ar shlí na fírinne.". Dáta rochtana: 2025.
- 1 2 3 4 "An sárchraoltóir agus sárscríbhneoir Aogán Ó Muircheartaigh ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-26). Dáta rochtana: 2025-05-26.
- ↑ "An scríbhneoir, an craoltóir Aogán Ó Muircheartaigh tar éis bháis" (as ga) (2025-05-26).
- ↑ "Oidhreacht an Bhlascaoid" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2025-05-26.