António José Seguro
Polaiteoir Portaingéalach is ea António José Seguro (a rugadh 24 Aibreán 1962 i bPenamacor). Toghadh ina Uachtarán ar an bPortaingéil é i mí Feabhra 2026, agus é mar an chéad sóisialaí sa phost sin ó na 2000idí.
Tús a shaoil agus oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Seguro i bPenamacor, baile beag i lár na Portaingéile. Rinne sé staidéar ar ghnó san Institiúid Ardoideachais um Eolaíochtaí (ISCTE) i Liospóin. Ina dhiaidh sin, d'fhreastail sé ar an Ollscoil Uathrialach i Liospóin, áit ar bhain sé céim amach i gcaidrimh idirnáisiúnta.
Gairm pholaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh Seguro ina theachta den Tionól Náisiúnta (Assembleia da República) den chéad uair sa bhliain 1991. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, ceapadh ina Rúnaí Stáit ar chúrsaí Óige é.
Parlaimint na hEorpa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1999, toghadh ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa é. D'fhill sé ar an bPortaingéil sa bhliain 2000, áfach, nuair a ceapadh ina Aire Cúnta don Phríomh-Aire, António Guterres, é.
Filleadh ar an bparlaimint náisiúnta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh arís ina theachta é sa bhliain 2002. Sa bhliain 2004, ceapadh ina uachtarán ar ghrúpa parlaiminteach an Pháirtí Shóisialaigh é. Tar éis na dtoghchán sa bhliain 2005, ceapadh ina chathaoirleach ar Choiste Parlaiminteach an Oideachais é, agus ina dhiaidh sin ceapadh ina chathaoirleach ar an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha é tar éis olltoghchán 2009.
Ceannaire an Pháirtí Shóisialaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis theip an Pháirtí Shóisialaigh i dtoghcháinin 2011, d'éirigh José Sócrates as ceannaireacht an pháirtí. Sheas Seguro i dtoghchán na ceannaireachta i gcoinne Francisco Assis agus bhuaigh sé go héasca le 68% de na vótaí an 22 agus an 23 Iúil 2011. Tháinig sé chun bheith ina cheannaire ar an bhfreasúra dá bharr.
Atoghadh é ina cheannaire sa bhliain 2013 le 97% de na vótaí.
Mar sin féin, tar éis drochthorthaí i dtoghcháin Eorpacha na bliana 2014, d'éirigh sé as ceannaireacht an pháirtí.
Uachtaránacht na Portaingéile, 2026
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh Seguro ina Uachtarán ar an bPortaingéil ar an 9 Feabhra 2026, sa dara babhta de thoghchán uachtaránachta. Fuair sé 67% de na vótaí i gcoinne 33% a fuair André Ventura, iarrthóir ón eite fhíordheis agus ceannaire ar pháirtí Chega. Ba é André Ventura an chéad iarrthóir ón eite fhíordheis ar éirigh leis dul chomh fada leis an mbabhta deiridh i dtoghchán uachtaránachta sa Phortaingéil. Bunaíodh a pháirtí, Chega, sa bhliain 2019, agus ba é an freasúra ba láidre in olltoghchán na bliana 2025.
Tháinig Seguro, a bhí 63 bliain d'aois ag an am, i gcomharbacht ar an gcaomhach Marcelo Rebelo de Sousa. Ina óráid, gheall Seguro go mbeadh sé dian agus airdeallach.
Coicís roimhe sin rinne stoirmeacha sa Phortaingéil scrkios, stoirmeacha a d'fhág seachtar ar a laghad marbh agus a rinne damáiste ar luach €4 billiún ar a laghad.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Bua éasca ag sóisialaí measartha António José Seguro i dtoghchán uachtaránachta na Portaingéile" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-02-09). Dáta rochtana: 2026-02-10.