Annála Doiminiceacha Ros Comáin
| Cineál | saothar scríofa |
|---|---|
| Teanga | an Laidin |

Is annála Éireannacha de chuid na meánaoise iad Annales Dominicani de Roscoman (Annála Doiminiceacha Ros Comáin), ag tuairisciú go formhór ar imeachtaí i gConnacht, ón mbliain 1163 go dtí 1314, agus mar sin maidir le hIonradh na Normannach ar Éirinn agus tús Tiarnas na hÉireann.[1] Déantar trácht chomh maith ar na Doiminicigh, roinnt ábhair eaglaise, agus caidrimh pholaitiúla leis an Ríocht Shasana.[2]
Tiomsaíodh na hAnnála as Laidin sa Phrióireacht Doiminiceach Ros Comáin (Bráithre Dubha).[3] Luaitear an chuid is mó dóibh le hAodh Ó hAinmereach (bás sa bhliain 1306). Tá na hAnnála caomhnaithe i lámhscríbhinní den 17ú-haois a bhíodh tráth i seilbh James Ware.
Bunaíodh an mhainistir ag clann Uí Chonchúir, ríthe na gConnacht. Tá samplaí ann anseo is ansiúd de chlaontacht ar son Uí Chonchúir: Ní dhéantar trácht ar dhalladh Mhuircheartigh Uí Chonchúir ag a dheartháir, an rí Ruairí Ua Conchobair; agus faoin dáta 1193, ní deirtear go raibh Conchúr Maonmhaighe freagracht ar creachadh Mhainistir Inis Cloithrinn,[4] mar a thuairiscítear i nAnnála na gCeithre Máistrí.[5]
I measca iontrálacha suimiúla eile, tuairiscítear gur thráigh Abhainn na Gaillimhe.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "CELT Project: The Corpus of Electronic Texts".
- ↑ "Annales Dominicani de Roscoman".
- ↑ Finn, R. (2023:10). The Dominicans in the British Isles and Beyond: A New History of the English Province of the Friars Preachers. Ríocht Aontaithe: Cambridge University Press.
- ↑ DAR 1193: Spoliatur Iniscloghran per Giraldum[sic] de Lacy
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1193.10: Inis Clothrann do orgain la macaibh Oisdealb, & la macaibh Conchobhair Maonmaighe.
- ↑ DAR 1177 (desiciatur Galvia), DAR 1190 (Galvia desicatur), "Αὐσοβα Ποταμου Εκβολαι" (3ú Meán Fómhair 2018).
| Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |