Jump to content

Anfuigell

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadAnfuigell
Cineálgnáth-théacs Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharAn Féineachas Cuir in eagar ar Wikidata

Is téacs dlí de chuid an Fhéineachais caomhnaithe ach go heaspach é Ain-fhuigheall (nó Ainbhreith) (Sean-Ghaeilge Anfuigell[1]) ina bpléitear le cásanna atá deacair nó dodhéanta a réiteach.[2]:5

Sliocht as Anfuigell an plé le maoin daoine maraithe i mbun catha (Coláiste na Tríonóide MS 1387).[2]:xiii

Lámhscríbhinní

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní mhaireann cóip iomlán ar bith den Anfuigell, níl ach sleachta caomhnaithe i lámhscríbhinní éagsúla. Mar shampla, faighte trí sliocht i Sanas Uí Dhuibhdábhoireann preserves three quotes from Anfuigell. Some excerpts belonging to Aidbred were previously mis-allocated to Anfuigell.

Tá na blúirí den Anfuigell a mhaireann foilsithe le léargais ag Charlene Eska, roinnte i n-ocht gcuid is caoga.[2]:47–56 [3]:164

Tugadh an teideal ó incipit an téacs: Anfuigell breath brangaire catha, .i. Ainfhuigheall breithimh, gairm fiagh chun catha.[3]:164 [4]:29 Is ionainn anfuigell agus ain-fhuigeall nó "gan bhreith(iúnas)".[2]:5

Pléitear Anfuigell le cásanna neamhghnácha atá deacair nó dodhéanta a réiteach, ábhar ag a bhfuil nasc aige le Gúbretha Caratniad agus Recholl Breth. I roinnt cásanna, nach bhfuil an breitheamh in ann a réiteach, meastar gur míchuí é an cás fiú a thabhairt os comhair na cúirte.

De bharr easpa ábhar sna blúirí a mhaireann, is deacair é a rá, conas a cuireadh an téacs le chéile. Molann Eska go raibh creatlach chomhráiteach ann mar atá in Gúbretha Caratniad.[2]:6–7

Tugann Anfuigell léargas ar sochaí na nGael sa mheánaois. San alt maidir le sochraidí mar shampla, feictear fianaise an-luath ar nós na Caointeoireachta.[2]:9 Faightear ann in Anfuigell forálacha maidir le conarthaí déanta ar meisce agus gortuithe fulaingthe ag sochraidí.[2]:5,31

I ndá lámhscríbhinn a mhaireann, tá réamhrá leath-stairiúil Meán-Ghaeilge curtha leis an téacs leagtha amach i bhfoirm accessus ad auctores, ar nós a leithéid i dtéacs dlí eile, Cáin Ḟuithirbe:

Dar le Fangzhe Qiu, is é an Cumain seo ná Cumméne Fota, easpag den 7ú-haois.[5]:241

Tá meascán d' foinsí teangan sa téacs a mhaireann, agus dá bharr, tá sé deachair date a chur leis. Molann Eska dátaí idir an dara leath den 8ú haois tríd an 9ú haois.[2]:2

Tuilleadh le léamh

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Eska, Charlene M. (2017). "A medieval Irish legal commentary on wakes and funerals from Anfuigell 'Wrong judgment'". North American Journal of Celtic Studies 1 (1): 27–44. doi:10.2307/nortamerceltstud.1.1.0027. 
  • Eska, Charlene M. (2019). "A Raven's Battle-Cry: The Limits of Judgment in the Medieval Irish Legal Tract Anfuigell" 27. Leiden / Boston: Brill. 
  1. eDIL s.v. gell, fo-gella, fuigell, anfuigell
  2. 1 2 3 4 5 6 7 8 Eska, Charlene M. (2019). "A Raven's Battle-Cry: The Limits of Judgment in the Medieval Irish Legal Tract Anfuigell" 27. Leiden / Boston: Brill.
  3. 1 2 Breatnach, Liam (2005). "A Companion to the Corpus Iuris Hibernici" 5. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
  4. Gwynn, E.J. (1923). "Miscellanea". Ériu 9: 27–30.
  5. Qiu, Fangzhe (2014). "Narratives in early Irish law tracts". Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.